Bainisteoir nua don Siopa Leabhar

Fógraíodh le déanaí go bhfuil Daragh Ó Tuama ceaptha mar bhainisteoir ar An Siopa Leabhar, atá lonnaithe in oifigí Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é. D’oibrigh Daragh sa Siopa Leabhar den chéad uair i 2002 agus bhog sé ar aghaidh chuig Foras na Gaeilge ina dhiaidh sin le bainistíocht a dhéanamh ar an suíomh gréasáin Gaeilge.ie

Chaith sé roinnt blianta ag obair le Glór na nGael agus é i mbun an chomórtais Global Gaeilge agus leibhéal a trí den chomórtas náisiúnta.

Tá sé ag súil go mór leis an ról nua atá aige agus ag súil le forbairtí a dhéanamh sa siopa. Tá sé go háirithe ag súil leis an Siopa Leabhar a chur ar fáil ar líne.

 

Page generated in 0.3216 seconds.