Bille Gaeltachta á bhrú tríd an Dáil

Tá díospóireacht á dhéanamh sa Dáil inniu, Déardaoin 12 Iúil, ar an dara chéim de chuid Bille na Gaeltachta 2102. Beidh sé os comhair na Dála arís amárach agus tá sé tugtha le fios go ndéanfar iarracht céim a thrí den Bhille a bhrú tríd an Dáil ar an 19 Iúil, an lá deireanach a bheidh an Dáil ina suí roimh bhriseadh an tsamhraidh.

I ráiteas atá eisithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta deir siad go bhfuil an-díomá orthu “go bhfuil gach cuma ar an scéal go mbeidh Bille na Gaeltachta 2012, an reachtaíocht is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de le trí scór bliain anuas, á bhrú trí Thithe an Oireachtais roimh bhriseadh an tsamhraidh.

Dúirt Dónall Ó Cnaimhsí, Guth na Gaeltachta: "Thug an tAire Gaeltachta Dinny McGinley féin le fios sa Seanad le déanaí go mb'fhéidir gurb í an reachtaíocht seo an deis deiridh a bheidh againn chun an Ghaeltacht a shlánú agus más fíor sin, creideann Guth na Gaeltachta gur mór an náire í nach bhfuil a dhóthain ama á tabhairt le plé mar is cóir a dhéanamh ar an mBille Gaeltachta."

Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge "Ba léir ó líon na leasuithe a moladh i dtaobh na reachtaíochta ag Céim an tSeanaid go raibh an chéad dréacht den Bhille Gaeltachta lochtach ar go leor bealaí, agus tá sé scannalach nach mbeidh deis ag na polaiteoirí - ná ag an bpobal - plé mar is cóir a dhéanamh air sula mbrúitear tríd an Dáil é. "Beidh tionchar fadtéarmacha ag an mBille Gaeltachta 2012 ar thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus creideann Conradh na Gaeilge go láidir nár chóir a leithéid a chuir ar chlár oibre na Dála ar laethanta deiridh an téarma nuair atá fios maith ag an saol agus ag a mháthair nach ndéanfar plé mar is cóir ar na leasuithe is gá a dhéanamh air sula reachtaítear é."

Is é Bille na Gaeltachta 2012 an chéad phíosa reachtaíochta atá ag plé go sonrach leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht ó bhí An Bille um Thionscail na Gaeltachta ann i 1957.

 

Page generated in 0.3371 seconds.