Pátrúnacht bunscoileanna lánGhaeilge

Tá sé molta sa tuarascáil a d’fhoilsigh an grúpa comhairligh don fhóram faoi phátrúnacht agus iolrachas in earnáil an bhunoideachais go dtabharfaí aird ar an éileamh ar an ngaeloideachas má ghlactar le moltaí maidir le pátrúnacht a dhífheistiú céim ar chéim.

Moltar sa tuarascáil éagsúlacht pátrúnachta a bhaint amach trí úsáid an stoc scoileanna atá ann cheana féin, go ndéanfaí an t-aistriú le cúnamh ón Roinn, agus go gcuirfear tús le seo trí scrúdú a dhéanamh ar phátrúnacht scoile i mbailte éagsúla timpeall na tíre, Béal Átha na Slua agus Tuaim san áireamh.

Moltar próiseas trí chéim: Go mbaileodh an Roinn Oideachais agus Scileanna eolas maidir leis an éileamh atá ar an dífheistiú; Tuarascáil a ullmhú maidir leis na roghanna pátrúnachta, agus ar deireadh, bheadh ar phátrúin freagra a thabhairt taobh istigh de thréimhse ama faoi leith.

Tá sé molta ag an ngrúpa comhairleach gur cheart anailís a dhéanamh ar an mbealach a thagann bunscoileanna Gaeilge chun cinn agus machnamh a dhéanamh ar an gcoincheap maidir le scoileanna “satailíte” a bheadh ceangailte le “máthairscoil” lánGhaeilge seanbhunaithe.

Tagraítear sa tuarascáil don mhéadú atá tagtha ar an éileamh ar scoileanna lánGhaeilge lasmuigh de cheantair Ghaeltachta agus luaitear go bhfuil 30,000 dalta ag freastal ar scoileanna lánGhaeilge lasmuigh don Ghaeltacht anois agus gur cheart eolas mar gheall ar an ngaeloideachas a scaipeadh i measc na dtuismitheoirí a bheidh ag glacadh páirte i gcéim a haon don phróiseas. Bheadh éileamh na dtuismitheoirí ar scoileanna Gaeilge mar chuid den treoir thionscadal maidir lena limistéar atá le dhífheistiú. Deirtear freisin gur cheart go leanfar agus go gcuirfear leis na socruithe taistil do scoláirí ar mhian leo freastal ar scoileanna lánGhaeilge.

Fógrófar cinneadh na Roinne Oideachais mar gheall ar mholtaí na tuarascála i mí na Bealtaine.

 

Page generated in 0.3297 seconds.