Rásaí na Gaillimhe ar RnaG

Tá mórfhéile rásaíochta na Gaillimhe buailte linn arís agus beidh clúdach cuimsitheach le cloisteáil le linn na seachtaine ar Raidió na Gaeltachta, beo ó ráschúrsa Bhaile an Bhriota, á chur i láthair ag meitheal rásaíochta an Raidió. Beidh an saineolaí Breandán Ó Ruairc ar fáil agus neart moltaí aige do na héisteoirí.

Is iad Dé Céadaoin agus Déardaoin an dá lá mhóra le Pláta na Gaillimhe ar an gCéadaoin agus an Galway Hurdle/Lá na mBan ar an Déardaoin. Beidh eolas ar fáil faoi phraghsanna, beidh tráchtaireacht le cloisteáil, agus beifear amuigh i measc an tslua chun agallaimh agus blaiseadh breá den chraic agus den atmaisféar a chur i láthair.

Beidh sé ar fad le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta.

 

Page generated in 0.3389 seconds.