Damhsa an tSaoil sa Chlub

Seolfar an leabhar Damhsa an tSaoil le Colma Nic Aodha Bhuí, i gClub Árus na nGael, 45 Sráid Doiminic, tráthnóna inniu, Déardaoin 22 Deireadh Fómhair, ag a 7.00in.

Is leabhar dátheangach filíochta é Damhsa an tSaoil agus beidh an brabach ó dhíol an leabhair ag dul díreach chuig Ionad Tacaíochta Cancer Care West. Is cuid den ghnáthshaol í an ailse sa lá atá inniu ann mar is beag duine luath nó mall nach mbíonn ag plé leis an ngalar bíodh sé orthu féin nó ar dhuine clainne nó cara. Tá dul chun cinn mór déanta leis an gcóir leighis agus le taighde le blianta anuas agus ciallaíonn seo go bhfuil níos mó agus níos daoine ag fáil an ceann is fearr ar an ngalar.

Uaireanta, áfach, cuireann an cóir leighis isteach ar an duine agus fágtar é nó í le fadhbanna eile. Cuireann Cancer Care West tacaíocht ghairmiúil ar fáil chun cabhrú le chuile ghné den turas ailse. Tá síceolaithe agus banaltraí oinceolaíochta fostaithe san Ionad Tacaíochta chomh maith le speisialtóirí eile a chuireann teiripe chomlántach ar fáil ina measc yoga, gleacaíocht, ealaíon agus tai chi. Tá na seirbhísí ar fad ar fáil saor in aisce.

Is machnamh faoi thuras an tsaoil atá sa leabhar Damhsa an tSaoil, leabhar a scríobh Colma as Gaeilge ach gur cuireadh aistriúchán Béarla leis sa chaoi go mbeidh daoine ar spéis leo an Ghaeilge ach nach bhfuil iomlán muiníneach aisti in ann tabhairt faoi.

Tapaigh an deis chun cabhrú le Cancer Care West agus bí in Áras na nGael tráthnóna inniu ag 7.00in nó téigh i dteagmháil le  Cancer Care West ag 091 540040.

 

Page generated in 0.3294 seconds.