2013 — Bliain na Gaeilge

Tá 2013 ainmnithe mar Bhliain na Gaeilge agus rinneadh an bhliain a sheoladh le linn Oireachtas na Gaeilge Dé Sathairn seo caite i Leitir Ceanainn. Tá an bhliain 1913 roghnaithe mar chomóradh ar bhunú Chonradh na Gaeilge 120 bliain ó shin sa bhliain 1893, tráth go raibh an-bhaol ann don Ghaeilge agus cuma ar an scéal go mbeadh deireadh léi. Tá an-dul chun cinn déanta ó shin ag an gConradh, agus ag neart eagraíochtaí Gaeilge eile a tháinig ar an bhfód le 120 bliain anuas, leis an nGaeilge a chaomhnú, a bhuanú agus a neartú.

Ní hé sin le rá nach bhfuil fadhbanna móra leis an nGaeilge a láidriú sa tír. Tá meath an-mhór tar éis teacht ar an líon daoine a bhíonn ag úsáid Ghaeilge gach lá sa Ghaeltacht agus tá gá leis an meath sin a stopadh agus a iompú.

Tá sé beartaithe ceiliúradh a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta leis an nGaeilge a athbheochan le 120 bliain anuas i 2013. Ag an am céanna, bainfear úsáid as an gceiliúradh le deiseanna a thapú chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-Éireann, an Ghaeltacht ach go háirithe san áireamh.

I measc spriocanna Bhliain na Gaeilge tá féilire imeachtaí Gaeilge a eagrú ar bhonn uile-Éireann agus tabharfar cuireadh don phobal agus d’eagraíochtaí de gach saghas páirt a ghlacadh sa chomóradh. Cuirfear béim faoi leith ar chur chun cinn na teanga sna healaíona agus san fhorbairt pobail agus an ról a bhí ag athbheochan na Gaeilge i gcothú ár bhféiniúlacht a cheiliúradh. Cuirfear tacaíocht ar fáil freisin do scoileanna na tíre le féilire imeachtaí a eagrú don bhliain agus páirt ghníomhach a ghlacadh i mBliain na Gaeilge. Déanfar iarracht faoi leith na Gaeil thar lear a mhealladh le teacht chuig imeachtaí in Éirinn mar chuid de Bhliain na Gaeilge agus Tóstal Éireann 2013.

Cuirfear fáilte roimh ghrúpaí agus roimh dhaoine aonair a bhfuil spéis acu páirt ghníomhach a ghlacadh i mBliain na Gaeilge agus tá gach eolas ar fáil ag www.gaeilge2013.ie

 

Page generated in 0.2878 seconds.