Ard-fheis Chonradh na Gaeilge

Toghadh Pádraig Mac Fhearghusa mar uachtarán ar Chonradh na Gaeilge don tríú bliain as a chéile ag ard-fheis na heagraíochta i Luimneach an deireadh seachtaine seo caite. Bhí an bua ag Mac Fhearghusa ar Sheán Ó hAdhmaill, a bhí san iomaíocht d’uachtaránacht Chonradh na Gaeilge don chéad uair.

Is cathaoirleach ar Chraobh Thrá Lí é Mac Fhearghusa, mar aon le ball gníomhach de Bhuanchoiste agus de Choiste Gnó an Chonartha le tamall maith de bhlianta, chomh maith le bheith ina eagarthóir ar an iris mhíosúil Feasta.

Cabhróidh taithí Mhic Fhearghusa leis chun Conradh na Gaeilge a threorú agus a neartú sa bhliain amach romhainn agus beidh sé ag díriú ar na spriocanna atá sonraithe sa Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a neartú; ar neartú na heagraíochta ar an talamh; agus ar chúrsaí oideachais na Gaeilge a fheabhsú.

Dúirt Pádraig Mac Fhearghusa, uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is léir go bhfuil sé i gceist ag ardstátseirbhísigh áirithe an Ghaeilge a ruaigeadh as an gcóras stát má ligtear leo; is mór an náire nár thug an Roinn Oideachais agus Scileanna aitheantas d’oiread agus Gaelscoil amháin le hoscailt i mbliana, agus is mithid don Chonradh agus do phobal uile na Gaeilge troid go fíochmhar i gcoinne an naimhdis seo agus tacú lena leithéid de Ghaelscoil Ráth Tó atá ag oscailt gan aitheantas i Meán Fómhair.”

Is cathaoirleach ar Ghaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí, é uachtarán an Chonartha, ar eagraigh sé a bhunú, agus bhí lámh aige i mbunú trí Ghaelscoil eile leis. Is iarchathaoirleach agus bunaitheoir Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí é, scoil a sheas in aghaidh iarracht na Roinne Oideachais deireadh a chur le luath-thumoideachas iomlán trí Ghaeilge.

Arsa an tUachtarán Mac Fhearghusa: “Beidh mé ag obair i gcomhar leis an bpobal áitiúil chun an Conradh agus an teanga a chothú ón mbonn aníos. Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus tá an Conradh ag brath ar thacaíocht an phobail le seasamh a ghlacadh in aghaidh naimhde na teanga sa státchóras.”

 

Page generated in 0.3397 seconds.