Lár Sráide le Conradh na Gaeilge

Aighneacht do Choimisiún na hEorpa

Tá feachtas curtha ar bun ag grúpaí i mballstáit an tAontas Eorpaigh ag éileamh ar Choimisiún na hEorpa buiséad agus scéimeanna tacaíochta faoi leith a chur ar fáil do réigiúin ar fud na hEorpa a bhfuil tréithe cultúrtha agus teanga ar leith acu, na ceantair Ghaeltachta san áireamh. Tá Conradh na Gaeilge ag lorg tacaíochta don fheachtas seo, ag súil gur deis í chun maoiniú breise a fháil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Lé go rachaidh sé chomh fada le Coimisiún na hEorpa caithfidh líon áirithe daoine(bunaithe ar dhaonra na tíre ) inar a laghad 7 mballstát achainí a shíniú. I gcás na hÉireann tá 8,250 síniú ag teastáil agus go dtí seo tá nach mór míle duine i ndiaidh tacú leis an éileamh. Tá an líon síniú atá de dhíth bainte amach cheana féin san Ungáir, sa Rómáin agus sa tSlóvaic agus tá an feachtas ar siúl i roinnt mhaith tíortha eile faoi láthair freisin. Ach an líon síniúcháin a bheith bailithe tá sé de dhualgas ar Choimisiún na hEorpa iniúchadh a dhéanamh ar an achainí agus cinneadh a dhéanamh laistigh de sprioc-am cinnte.

Tá tacaíocht á lorg ó ghrúpaí agus eagraíochta de gach saghas fud fad na hÉireann chun cur leis an líon sínithe. Tá an achainí oscailte don phobal ina iomláine agus tá Conradh na Gaeilge iarraidh ar ghrúpaí tacaíocht a lorg óna bpobal féin. Is féidir an achainí a shíniú ag an nasc seo a leanas, https://eci.ec.europa.eu/010/public/#/initiative. Is é an 7 Samhain an spriocdháta chun d’ainm a chur leis an liosta.

SEAS 2020

Tháinig críoch inné le #SEAS20, sraith laethanta stocaireachta a bhí eagraithe ag Conradh na Gaeilge chun éilimh Ghaeltachta agus Gaeilge a chur os comhar Theachtaí Dála agus Seanadóirí. Eagraíodh SEAS ar líne i mbliana de thairbhe na srianta nua sláinte atá i bhfeidhm.

Tháinig ionadaithe áitiúla toghcheantair agus baill Chonradh na Gaeilge le chéile ar Zoom, áit a raibh deis acu éilimh reatha Ghaeilge agus Ghaeltachta a chur chun cinn lena bpolaiteoirí áitiúla.

I measc na n-éileamh a bhí á gcur chun cinn bhí: Maoiniú breise de bhreis is €15m i gCáinaisnéis 2021 a spreagfaidh an earnáil Gaeilge agus Gaeltachta go mór mór ag an am dúshlánach seo leis an gcoróinvíreas sa tír. Bhainfí úsáid as an maoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta chun poist a chruthú agus chun cur leis an bpróiseas pleanála teanga. Bhí éileamh ann go gcuirfear an maoiniú breise d’Fhoras na Gaeilge i dtreo scéimeanna ar nós na Scéime Pobail Ghaeilge agus

eile atá luaite go sonrach sa Phlean Infheistíochta atá aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta. Lorgaíodh maoiniú breise freisin chun TG4 a fhorbairt;

Rinneadh plé chomh maith ar na leasuithe ar gá a dhéanamh ar an mBille Teanga le go mbeadh Bille láidir achtaithe sa Dáil reatha.

Ardaíodh ceisteanna faoi mholtaí maidir le Polasaí Náisiúnta do Pholasaí Tithíochta sa Ghaeltacht agus Polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal.

Eolas chuig:

Peadar Mac Fhlannchadha

Conradh na Gaeilge

45 Sr Doiminic, Gaillimh

Fón 091 567824 [email protected] www.arasnangael.ie

Foclóir

aighneacht submission

feachtas campaign

éileamh demand

tacaíocht support

tréithe characteristics

stocaireacht canvass

srianta restrictions

deis opportunity

earnáil sector

dúshlánach challenging

sonrach specific

 

Page generated in 0.3425 seconds.