Idir na seisiúin cheoil, stéibheanna amhrán, steipeanna damhsa, díospóireachtaí diana, agus tréaniomaíocht na gcomórtas ag Oireachtas na Samhna, bhí scoth na scríbhneoireachta ar fáil agus go leor leabhar Gaeilge á seoladh ag an bhféile iomráiteach. I measc na leabhar a seoladh, bhí ábhar ann a d’fheilfeadh do gach aoisghrúpa agus a thaitneodh le gach saghas léitheoir.
Ag taispeántas den litríocht is fearr do pháistí leis an scríbhneoir Patricia Forde agus Selma ?atibuši? ó Leabhair Pháistí Éireann, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge agus le tacaíocht ó Love Leabhar Gaeilge, léirigh siad an rogha leathan leabhar atá ar fáil don aos óg.
I measc na leabhar nua do pháistí a sheol An Gúm ag an Oireachtas bhí Siobhán Cheanndána, cnuasach filíochta le Gabriel Rosenstock, maisithe ag Joe McLaren, a thagann le leagan closleabhair agus leabhrán oibre; Thuas Staighre, Thíos Staighre, pictiúrleabhar nua le Claire Marie Dunne, maisithe ag Anita Foley, faoin mbéirín Meig nach bhfuil sásta faoin gcomharsa challánach nua; agus Julian an Mhaighdean Mhara, aistriúchán le Shanna Ní Rabhartaigh agus Gillian Nic Ionmhain ar shaothar cáiliúil Jessica Love, Julian is a Mermaid.
Ón bhfoilsitheoir LeabhairCOMHAR, seoladh an pictiúrleabhar Hata Oisín le hÁine Ní Ghlinn, Fite Fuaite san Fharraige, scríofa ag Sinéad Ní Scolaí agus maisithe ag a deirfiúr Serena Scully faoin ochtapas cúthaileach Ophelia, agus an leabhar do pháistí idir 9 agus 12 bliana d’aois, Bilal agus Cócó le hÁine Uí Fhoghlú, a léiríonn saol an imircigh in Éirinn.
Seoladh pictiúrleabhar eile atá an-ábhartha don am seo den bhliain, Na Gráinneoga Beaga Gleoite le Máirín Uí Shé, maisithe ag Dómhnal Ó Bric agus foilsithe ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne.
Do dhaoine fásta, seoladh rogha mhór leabhar idir ficsean, neamhfhicsean agus filíocht. Don té le suim i gcúrsaí spóirt, sheol Acadamh Ríoga na hÉireann an leabhar An Spórt agus an Réabhlóid in Éirinn le Cathal Billings agus Paul Rouse. Pléann an leabhar grá don spórt agus tugann sé léargas ar an éabhlóid a thagann ar an spórt agus ar lucht spóirt in aimsir chogaidh.
Bhí beart mór leabhar le seoladh ag an teach foilsitheoireachta áitiúil i gCiarraí, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, agus ceithre leabhar nua do dhaoine fásta amuigh acu: An Spailpín Fánach, cnuasaithe agus cóirithe ag Micheál Ó Sé; An Ghráig do Chráigh mo Chroí-se le Páid Ó Súilleabháin, curtha in eagar ag Tomás L. Ó Murchú; Leabhar Sheáin na Cille – bailiúchán scéalta ón seanchaí Seán na Cille Mac Criomhthain, curtha le chéile ag Seaghan Mac an tSionnaigh; agus Ceiliúradh an Bhlascaoid 28.
Seoladh leabhar nua le Micheál Ó Conghaile, Faraor Géar nár Cailleadh Mé (Cló Iar-Chonnacht ), atá ar ghearrliosta Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana ag Gradaim Leabhar an Post go hoifigiúil freisin.
Ní bheidh daoine le dúil san fhilíocht gann ar fhilíocht bhlasta, agus dhá chnuasach seolta le linn na féile. I gcruth pictiúrleabhair, cuireann banfhile ár linne féin, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, saothar bhanfhile na meánaoise i láthair dúinn sa leabhar Liadain, foilsithe ag Leabhar Breac.
Tá an fharraige i gcroílár an chnuasaigh úir ó Cheaití Ní Bheildiúin, An Fharraige agus a Gúnaí, foilsithe ag Éabhlóid.
Ag caint ar bhanfhilí, seoladh an dara heagrán den iris liteartha An Dearcán, curtha in eagar ag an bhfile clúiteach Laoighseach Ní Choistealbha. Tá an iris maisithe go snasta ag Laoighseach agus cuireann sí spotsolas ar an bprós agus ar an bhfilíocht is fearr agus is déanaí ó scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge.
Go mba fada buan na scríbhneoirí iontacha seo a chuireann féasta na filíochta agus rachmas leabhar ar fáil dúinn. Is cinnte nach mbeidh easpa rogha ag daoine i dtaobh leabhair Ghaeilge an Nollaig seo!
Tá tuilleadh eolais ar loveleabhargaeilge.ie