Ceardlanna do scríbhneoirí óga

Tá Cló Iar-Chonnacht ag reáchtáil sraith ceardlann do scríbhneoirí Gaeilge an fómhar seo. Beidh na ceardlanna dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta.

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach i gceann de na ceardlanna sampla dá saothar: gearrscéal, cúig nó sé de dhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh ) a sheoladh chuig eagarthóir cúnta CIC, Áine Ní Cholchúin ag Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Co na Gaillimhe, roimh na spriocdhátaí atá luaite leis na hionaid éagsúla.

Beidh áit do dheichniúr ar gach ceardlann. Níl aon táille i gceist do na ceardlanna ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Beidh an chéad cheardlann ar siúl i gColáiste na Tríonóide ar an Satharn, 22 Deireadh Fómhair i gcomhar leis an bhféile IMRAM agus Oifig na Gaeilge, TCD. Beidh an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile agus an file Nuala Ní Dhomhnaill i bhfeighil na ceardlainne agus is é spriocdháta na n-iarratas ná an 7 Deireadh Fómhair.

Beidh an dara ceardlann á heagrú i gcomhar le Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, ar an Aoine, 11 Samhain agus is i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, a bheidh an cheardlann seo ar siúl, le Micheál Ó Conghaile agus Pádraig Ó Cíobháin ag stiúradh na ceardlainne. Is é an spriocdháta d’iarratais ná 28 Deireadh Fómhair.

Is ar an Satharn, 19 Samhain a bheidh ceardlann á reáchtáil i mBéal Feirste i gcomhar le Scoil na Gaeilge agus Scoil na Ceiltise, Ollscoil na Banríona agus is in Ollscoil na Banríona a bheith an cheardlann seo ar siúl agus beidh Micheál Ó Conghaile agus Gearóid Mac Lochlainn ina bhfeighil agus is é spriocdháta na n-iarratas ná 4 Samhain 2011.

Tá gach eolas le fáil ar www.cic.ie

 

Page generated in 0.3423 seconds.