Fós ag fanacht ar chruinniú

Agus an colún seo á scríobh bhí iarrachtaí fós ar siúl chun cruinniú a shocrú idir Enda Kenny agus toscaireacht ó bhreis agus 20 eagraíocht Ghaeltachta, Gaeilge, oideachais, agus óige maidir le polasaí Fhine Gael deireadh a chur leis an nGaeilge mar chroí-ábhar Ardteiste.

Ag an gcruinniú a d’eagraigh CONCOS, eagraíocht na gcoláistí samhraidh, an tseachtain seo caite léiríodh iontas nach raibh freagra tugtha ag ceannaire Fhine Gael ar litir a sheol na heagraíochta seo chuige i ndiaidh dóibh teacht le chéile i nGaillimh cúpla seachtain ó shin.

Ba léir ag an gcruinniú úd nach raibh tacaíocht iomlán ag ceannaire Fhine Gael óna pháirtí féin ar an gceist seo, le Seán Kyne, iarrthóir de chuid Fhine Gael san olltoghchán á rá go neamhbhalbh nár aontaigh sé leis an bpolasaí agus go raibh sé féin i bhfabhar an Ghaeilge a choinneáil mar chroíábhar ardteiste.

Ag an gcruinniú céanna rinne an saineolaí teanga John Walsh cur síos ar an dochar a dhéanfadh polasaí Fhine Gael don teanga agus ach go háirithe an dochar a dhéanadh sé do thionscal na gColáistí Samhraidh sna ceantair Ghaeltachta.

 

Page generated in 0.2906 seconds.