Dúlra Oileáin Árann

Oileáin Árann agus an saibhreas dúlra a bhaineann leo is ábhar don leabhar nua Dúlra Oileán Árann. Tugann an t-údar, Con Ó Ruairc, léargas tuisceanach ar uathúlacht oidhreacht na n-oileán seo — an gheolaíocht, an aeráid, ainmhithe agus plandaí, an cladach agus an fheirmeoireacht. Chaith Con 40 bliain ag obair le Teagasc mar eolaí planda, mar eagarthóir ar fhoilseacháin eolaíochta agus mar phleanáil taighde. Chaith sé seal mar uachtarán ar Institiúid Bhitheolaíochta na hÉireann, cathaoirleach ar Choiste Eolaíochta an RDS agus ar choistí éagsúla de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann.

Cuireadh an leabhar seo i dtoll a chéile mar thoradh ar na cúrsaí agus na gcuairteanna taighde a d'eagraigh údar an leabhair ar son Institiúid Bhitheolaíochta na hÉireann maidir le stair an dúlra in Oileáin Árann ó na luath-1980idí i leith.

Cuirfidh an-chuid daoine spéis sa leabhar seo, pé acu cuairteoirí iad, mic léinn nó iad siúd a bhfuil spéis acu i stair an dúlra. Tá an leabhar foilsithe ag Cois Life agus é ar fáil, luach €20 ó www.coislife.ie Tá féilire do 2012 bunaithe ar ábhar an leabhair le fáil freisin ar €5 nó iniata leis an leabhar. Tá breis eolais le fáil ó Julianne Ní Chonchobhair, [email protected], (087 ) 1746189.

 

Page generated in 0.3033 seconds.