Comórtas Liteartha an Oireachtais

Ní mór a mheabhrú do scríbhneoirí na Gaillimhe gurb é an chéad lá de mhí Iúil an spriocdháta iontrála do chomórtais liteartha an Oireachtais. Tá réimse leathan comórtas i gceist, iad dírithe ar úrscéalta, filíocht, drámaíocht stáitse agus raidió, ficsean do dhaoine óga, gearrscéalta, prós, agus script teilifíse, chomh maith le comórtas dírithe ar dhaoine a bhíonn ag blagáil. Tá comórtais faoi leith ann do dhaoine óga le rannóg do scríbhneoirí faoi bhun 16 bliana d’aois agus 21 bhliain d’aois. Tá comórtas nua ann do na haoisghrúpaí seo i mbliana le Giob Geab, comórtas do theachtaireachtí théacs.

Is iad na comórtais fhicsin do dhaoine fásta na príomhchomórtais atá ann i mbliana agus beidh €5,000 mar luach saothair don bhuaiteoir sa chomórtas Úrscéal – Ficsean Liteartha agus €5,000 ar fáil freisin don chomórtas Úrscéal - Ficsean Éadrom. San iomlán tá 31 comórtas ann do dhaoine fásta agus 16 do dhaoine óga. Tá eolas faoina comórtais ar fad chomh maith lena rialacha agus foirmeacha iontrála le fáil ó www.antoireachtas.ie Tá uasdhátú déanta ag an Oireachtas ar an suíomh agus tá an-chuid eolas le fáil air. Don chéad uair, beidh deis agat d’iarratas do na comórtais liteartha a dhéanamh ar líne.

 

Page generated in 0.3215 seconds.