Buaiteoirí an Oireachtais

Is é seo leanas liosta na mbuaiteoirí ó chontae na Gaillimhe ag Oireachtas na Gaeilge a bhí ar siúl i gCorcaigh.

Comórtais do dhaoine óga

Seó ardáin: an dara háit, Club Óige Lurgan.

Rince aonair ar an sean-nós faoi 12: an chéad duais, Seán Óg Ó Maoilchiaráin, Cill Rónáin, Inis Mór; an dara duais, Ríona Ní Fhlatharta, Trá Bháin, Leitir Móir.

Rince aonair ar an sean-nós 12–15: an chéad duais, Micheál Seoighe, Cruiminne, Leitir Móir.

Rince aonair ar an sean-nós 15–18: an chéad duais, Proinsias Ó hIarnáin, Roisín na Mainiach, Carna.

Amhránaíocht ar an sean-nós faoi 12: an dara duais, Éamonn Ó Maoilchiaráin, Cill Rónáin, Inis Mór.

Amhránaíocht ar an sean-nós 15–18: An dara duais, bonn - Roinnte - Yvonne Ní Loideáin, Púirín, Indreabhán.

Scéalaíocht: 15–18: an dara duais, Piaras Ó Giobúin, Camus.

Agallamh beirte faoi 12: an chéad áit: Emma Ní Choisdealbha agus Caoimhe Ní Chonghaile, Scoil Sailearna, Indreabhán; an dara háit - Roinnte - Domhnall Ó Braonáin agus Páidí Ó Cualáin, Teach Mór, Indreabhán.

Comórtais do dhaoine fásta

Rince aonair ar an sean-nós: an dara duais, Pól Ó Móráin, Bóthar na Trá.

Dreas cainte: an dara duais, Treasa Ní Cheannabháin, Bearna.

Agallamh beirte: an chéad duais, Páid Ó Neachtain agus Bróna Ní Uallacháin, Cré Dhubh, An Spidéal; an dara duais - Roinnte - Rónán Mac Con Iomaire agus John Joe Ó Coisdealbha, An Cheathrú Rua.

Sceitse: an dara duais, Peadar Ó Maoláin agus cairde, Na Forbacha.

Lúibíní: an chéad duais, Fearghas Mac Lochlainn agus Éamon Ó Donnchadha, An Spidéal; duais speisialta, do bheirt nár bhain ceachtar acu duais sa chomórtas seo cheana, Nuala Nic Con Iomaire agus Pádraic Harvey, An Cheathrú Rua.

Corn cuimhneacháin amhránaithe sean-nóis mhúscraí: comórtais cháilithe amhránaíochta ar an sean-nós d’fhir faoi bhun 35 bliain d’aois, an chéad duais, Briocán Bairéad, Ros Dubh, Ros Muc.

Amhránaíocht ar an sean-nós do mhná: an chéad duais, Caitlín Ní Chualáin, Teach Mór, Indreabhán.

Amhránaíocht ar an sean-nós d’fhir: an dara duais, Ciarán Ó Con Cheanainn, Saile Thúna, An Spidéal.

Corn Uí Riada — príomhchomórtas sean-nóis an Oireachtais

An chéad duais: Corn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada, bonn óir agus €1,500, Ciarán Ó Con Cheanainn, Saile Thúna, An Spidéal. An tríú duais: bonn cré-umha agus €400, Stiofán Ó Cualáin, Baile na Cille, Leitir Mealláin.

 

Page generated in 0.3401 seconds.