Comórtais agus lóistín Oireachtais

Is i gCill Airne a bheidh Oireachtas na bliana seo ar siúl, ón Dé Máirt 1 go dtí Dé Domhnaigh 6 Samhain.

Roimhe sin áfach caithfear smaoineamh ar na comórtais agus is é Déardaoin 15 Meán Fómhair an dáta deiridh iontrála do chomórtais ardáin an Oireachtais. I measc chomórtas na bliana seo tá seó ardáin, rince aonair ar an sean-nós, dreas cainte, amhránaíocht ar an sean-nós, scéalaíocht, agallamh beirte, scoraíocht agus lúibíní. Tá comórtais ann do pháistí faoi 12, faoi 15, faoi 18 agus do dhaoine fásta.

Tá spéis ollmhór i gcuid de na comórtais seo, ach go háirithe sna comórtais rince ar an sean-nós, lúibíní agus agallamh beirte agus is minic anois nach mbíonn suíochán ar fáil sa halla agus na comórtais seo ar stáitse. Beidh an comórtas rince ar an sean-nós á chraoladh beo ar TG4 arís agus súil acu go mbeidh méadú ar an lucht féachana arís.

Níl aon easpa lóistín sa cheantar ach i gcomhthéacs an fás ollmhóir atá tagtha ar lucht freastail an Oireachtais moltar socruithe lóistín a dhéanamh go luath. Tá liosta cuimsitheach lóistín, mar aon le dréachtchlár an Oireachtais, ar fáil ó Oifig an Oireachtais, 6 Sr Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, fón (01 ) 4757401nó www.antoireachtas.ie

 

Page generated in 0.2523 seconds.