Tá Cumann Sacair Ghaillimh Aontaithe sa tóir ar Oifigeach Gaeilge chun feidhmiú mar chuid de rannóg chumarsáide agus margaíochta an Chumainn. Is ról deonach é seo a bhfuil sé mar aidhm aige cur le húsáid na Gaeilge i réimse leathan de chúrsaí an Chumainn.
Beidh an té a roghnófar ag leanúint leis an dea-obair atá ar siúl le fada anois ag an gCumann, obair a chinntíonn go bhfuil ról praiticiúil ag an nGaeilge sa Chumann, go háirithe ag na cluichí baile i Staid Éamon Deacy.
Tá ról níos leithne i gceist freisin agus tacóidh an tOifigeach seo le húsáid na Gaeilge sa Chlub, i réimsí na cumarsáide, na margaíochta, na meáin dhigitigh agus na ngníomhaíochtaí pobail. Tá feidhm chomhairleach ag an ról go príomha, agus cuireann sé tacaíocht ilréimsiúil ar fáil do chumarsáid, do mhargaíocht, do na meáin agus don oifigeach um chúrsaí sóisialta & inbhuanaitheacht timpeallachta.
Tá sé i gceist go mbeadh an tOifigeach Gaeilge mar phointe teagmhála do ghrúpaí áitiúla Gaeilge, do Ghaelscoileanna, agus d’eagraíochtaí pobail atá suim acu i gcomhoibrithe leis an gClub agus an chuid sin den lucht tacaíochta atá ag iarraidh a bheith rannpháirteach sa Chlub trí Ghaeilge.
Cuirfear fáilte roimh léirithe spéise ó dhaoine a bhfuil taithí acu sa chumarsáid, sa mhargaíocht, sna meáin, san oideachas, san fhorbairt pobail nó taithí maidir le himeachtaí a eagrú. Tá sé tábhachtach, ach go háirithe, go mbeadh spéis agus eolas acu ar an gCumann, ar Shraith shacair na hÉireann agus ar phobal spóirt na Gaillimhe.
Is féidir sainmhíniú iomlán a fháil faoin réimse dualgais atá i gceist leis an ról ach ríomhphoist a sheoladh chuig [email protected] agus is féidir an seoladh céanna a úsáid chun léiriú spéise a dhéanamh don ról.