Oireachtas na Samhna i gCill Airne

Beidh na mílte ó Chonamara agus Gaillimh ag tabhairt aghaidhe ó dheas go Cill Airne an deireadh seachtaine seo romhainn, áit a bhfuil Oireachtas na Samhna faoi lán seol.

Beidh neart de na himeachtaí le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta agus le feiceáil ar TG4 dóibh siúd nach bhfuil in ann taisteal chun na féile.

Oíche anocht, craolfar an comórtas Sean-Nós na mBan beo ar Raidió na Gaeltachta, ar www.tg4.ie agus ar www.antoireachtas.ie, ag tosú ag 7.00i.n.

Tráthnóna Dé hAoine craolfar an comórtas Sean-Nós na bhFear ar na hardáin céanna ag 7.00i.n. freisin.

Is ar an Satharn atá péire de bhuaicphointí an Oireachtais ar siúl, an Comórtas Damhsa ar an Sean-Nós, comórtas a bheidh á chraoladh beo ar TG4, agus Corn Uí Riada, á chur i láthair ag Neansaí Ní Choisdealbha, ar Raidió na Gaeltachta ag 7.15.n. agus ar líne

Leanfar le Féile an Oireachtais go dtí an Domhnach 1 Samhain.

 

Page generated in 0.3991 seconds.