Comórtas Peile na Gaeltachta

Le deireadh seachtaine na Cincíse buailte linn beidh Cumainn pheile ó Chonamara ag tabhairt aghaidhe ar Ghaoth Dobhair i dTír Chonaill áit a mbeidh Comórtas Peile na Gaeltachta na bliana seo ar siúl.

Ina iomláin imreofar breis agus scór cluiche ón am a chaithfear isteach an liathróid sa chéad chluiche tráthnóna amárach go dtí go mbronnfaidh an tAire Gaeltachta an corn ar bhuaiteoirí an comórtas sinsir tráthnóna Dé Luain. Roimhe sin ar an Luan imreofar cluiche craoibhe na sóisir agus cluiche craoibhe comórtas na mban.

Is deireadh seachtaine mór siamsaíochta í Comórtas Peile na Gaeltachta freisin agus tá réimse leathan imeachtaí eagraithe ag an gCumann Peile áitiúil chun freastal ar na sluaite a bheidh ag tarraingt ar Thír Chonaill.

Beidh tarraingt na meáin ar Ghaoth Dobhair chomh maith, agus beidh craoladh agus tuairiscí beo le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta ar na cluichí ar fad, chomh maith le blaiseadh den spórt agus an spraoi a bhaineann leis an bhféile. Déanfaidh TG4 craoladh ó Ghaoth Dobhair freisin agus beidh na cluichí craoibhe á craoladh beo acu ar an Luan.

 

Page generated in 0.3282 seconds.