Mic léinn Gaeltachta i mbun an chláir GAIRM

Tá tús curtha an mhí seo ag grúpa mic léinn Gaeltachta ar an gclár oiliúna GAIRM, clár atá forbartha agus á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (ATU ).

Gheobhaidh na rannpháirtithe taithí ghairmiúil mar oifigigh fheidhmiúcháin i rannóga éagsúla an Údaráis thar thréimhse dhá bhliain. I dteannta leis an gconradh, beidh deis ag na céimithe tabhairt faoi Dioplóma Iarchéime Leibhéal 9 ó ATU atá deartha go sonrach don scéim GAIRM.

Dúirt Diarmuid Ó Conghaile, Ceann na Roinne Gnó agus Cuntasaíochta in ATU, "Nuair a bhí an dioplóma á chur le chéile againn, shuigh muid síos leis an Údarás chun go mbeadh tuiscint againn ar céard a bhí ag teastáil ó thaobh na scileanna difriúla, ó thaobh na hábhair dhifriúla agus an t-eolas a bhí siad ag iarraidh.

"Tá chuile cineál ábhair ann ó thaobh bainistiú airgid de, ó thaobh cumarsáid de, ó thaobh ceannaireacht agus ó thaobh bainistíochta de go ginearálta freisin."

 

Page generated in 0.5621 seconds.