Large number of posts in European institutes

The European Union recently ended the derogation it had granted Ireland providing an adequate number of trained translators in the Irish language to take up posts in European institutes. The union has now announced that it will fill up to 150 posts in the near future so that the required translation of all documents in the Irish language is made available.

The Dioplóma Iarchéime/MSc/Teastas i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán provided by Europus/GMIT and funded by Údarás na Gaeltachta has provided the European institutes with a very high number of translators since the course commenced. The course is renowned for the high standards achieved by students and the number of high level posts gained by the course’s graduates at European level and here in Ireland in Government and semi-State organisations and in other related language sectors such as television, radio, subtitling, and other language areas. The course runs for six months and students are not required to pay a fee. The next course starts in the middle of October and all information is available from Europus in An Cheathrú Rua, 091 595492, at [email protected], and on the web.

Postanna sna hInstitiúidí Eorpacha

Ó cuireadh deireadh leis an maolú a bhí tugtha don trí seo ó thaobh dóthain aistritheoirí Gaeilge a chur ar fáil do na hinstitiúidí Eorpacha tá líon mór postanna le líonadh anois sna hinstitiúidí Eorpacha idir an Pharlaimint, an Coimisiún agus an Chomhairle. Tá fógraithe ag an Aontas Eorpach go líonfar suas le céad go leith post nó os a chionn a chuirfidh aistriúchán ar fáil do na cáipéisí a chaithfear a chur ar fáil i nGaeilge as seo amach.

Ceann de na cúrsaí a bhfuil uimhir mhór daoine curtha ar fáil aige do na postanna san Eoraip ná an cúrsa a reáchtálfar i gCarna, i gCo. na Gaillimhe faoi chúram Europus/GMIT agus urraithe ag Údarás na Gaeltachta – Dioplóma Iarchéime/MSc/Teastas i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán. Tá an cúrsa ar fáil le os cionn deich mbliana agus cáil air as an gcaighdeán fíor-ard a bhaineann na mic léinn amach. Cúrsa sé mhí é agus ní bhaineann aon táille leis. Bunaíodh an cúrsa ar dtús mar go raibh ganntan aistritheoirí sách oilte ar fáil anseo in Éirinn. Éiríonn leis na mic léinn a bhíonn ar an gcúrsa ardphostanna a fháil anseo sa tír seo freisin idir comhlachtaí Stáit agus comhlachtaí Rialtais Áitiúil. Díríonn cuid de na mic léinn ar na postanna eile atá ar fáil in earnáil na teilifíse, raidió, fotheidealaithe agus earnálacha eile a dteastaíonn lucht teanga ar ardleibhéal uathu. Tosóidh an cúrsa i mbliana i lár Dheireadh Fómhair agus tá chuile eolas ar fáil ó Europus ar an gCeathrú Rua, 091 595492, nó ag [email protected].

 

Page generated in 0.1809 seconds.