An Saol mar a Bhí

An Fharraige (Pictiúr le Christopher Maycock).

An Fharraige (Pictiúr le Christopher Maycock).

An Fharraige

le Emma Ní Churraoin

Bhí saol mhuintir Chois Fharraige fadó an-difriúil ón saol atá againn sa lá atá inniu ann. Bhí an fharraige lárnach i ngach gné den saol laethúil, mar gurbh í an príomhfhoinse oibre agus beatha í a bhíodh ag formhór na dteaghlaigh.

B’í an iascaireacht an tslí bheatha ba choitianta i measc teaghlaigh, agus d’imíodh fir amach ar an bhfarraige go moch ar maidin, go minic roimh éirí na gréine.

Bhain siad úsáid as currachaí agus trealamh simplí cosúil le líonta agus línte iascaireachta, agus b’éigean dóibh a bheith an-chúramach de bharr fiántas na farraige go minic.

Bhíodh ról tábhachtach ag na mná freisin, agus iad ag deisiú agus ag déanamh na líonta iascaireachta. Chomh maith leis sin, is iad na mná a bhíodh ag cur salainn ar an iasc chun é a thriomú amach agus a chaomhnú. Ó aois óg bhíodh na gasúir ag cabhrú ar an gcladach nuair a thagadh na báid i dtír.

Comhar na gComharsan

le Emma Ní Churraoin agus Alva Donoghue

Bhí an pobal thar a bheith tábhachtach sa gceantar fadó. Cé go raibh an saol crua agus lán le dúshláin, bhí caidreamh láidir pobail ann. Bhí meas ag daoine ar a chéile agus bhain siad taitneamh as an saol simplí.

D’fhoghlaim siad le brath ar a chéile, agus bhí dlúthchaidreamh idir na comharsana agus chabhraigh siad lena chéile in am an ghátair.

Bhí aithne ag gasúir an bhaile ar a chéile. Bhíodh siad ag spraoi amuigh faoin aer, ag imirt cluichí le píosaí adhmaid, ag dul i bhfolach nó ag rith tríd na garranta le chéile, nó go mbíodh sé ródhorcha le tada a fheicéail.

Cé nach raibh mórán acu, roinn siad gach a raibh acu agus thug siad aire dá chéile. Ní raibh aon bhuíochas ag teastáil, mar ba thábhachtaí cineáltas agus aire ná airgead agus maoin.

Tá luas an tsaoil athraithe go mór i saol an lae inniu. Bíonn daoine gnóthach i gcónaí agus tá níos lú ama acu dá chéile. Tá an saol níos éasca agus níos áisiúla ag an teicneolaíocht, ach tá an chaoi a ndéanann daoine cumarsáid athraithe.

Cé go bhfuil níos mó compord againn anois, níl an aithne agus ceangal pobail ann mar a bhí.

Scolaíocht

le Alva Donoghue

Ní raibh cúrsaí scolaíochta tábhachtach do dhaoine sa sean-am. Ba thábhachtaí i bhfad an obair tí ná an scoil. De bharr nach raibh carranna ag daoine, bhíodh ar na gasúir dul chuig an scoil de shiúl na gcos.

Bhíodh na gasúir ar fad ina suí in aon seomra amháin agus áit tine ar chúl an tseomra. Thugadh siad buidéal tae leo ar scoil agus d’fhágadh siad cois na tine é le go dtéadh sé suas don lón.

Bhíodh bata adhmaid ag na múinteoirí ar fad le smacht a choinneáil ar na gasúir nach mbíodh ag tabhairt aire, agus is iomaí sin duine a fuair buille. Bhíodh cead ag na gasúir a gcuid éadaí agus a gcuid bróga féin a chaitheamh ar scoil.

Ní raibh bróga fairsing ag an am. Bhíodh na bróga róthrom le caitheamh ar feadh an lae agus mar sin bhaineadh na páistí dóibh iad nuair a shroicheadh siad an scoil. Bhí an scoil bunúsach go maith.

Múineadh dóibh léamh, scríobh agus labhairt. Ní raibh aon mheánscoil ann go dtí 1967 nuair a tháinig an saoroideachas chun cinn.

 

Page generated in 0.1103 seconds.