Coláiste Cholmcille, Indreabhán

Tá Coláiste Cholmcille ag glacadh le hiarratais ó scoláirí do rang na chéad bhliana don scoilbhliain seo chugainn, 2022-’23. Tá Ócáid Eolais seolta ag an scoil ar an suíomh idirlín scoile, www.colaistecholmcille.ie Tá an fhoirm iarratais le fáil ar an suíomh nó is féidir teagmháil a dhéanamh leis an scoil ag 091-593119 nó ag [email protected] chun pacáiste eolais a fháil.

Tá réimse an-leathan d’ábhair ar fáil sa scoil, ina measc tá innealtóireacht, adhmadóireacht, staidéar foirgníochta, graific dhearadh & cumarsáide, eacnamaíocht bhaile, ealaín, bitheolaíocht, fisic, ceimic, eolaíocht talamhaíochta, teagasc reiligiúin, corpoideachas, stair, tíreolaíocht agus gnó chomh maith le Gaeilge, Béarla, matamaitic, Fraincís & Clár Gairme na hArdteiste. Baineann na scoláirí ard-thorthaí Ardteiste amach go bliantúil. Oibríonn an Rannóg Ghairmthreorach go dlúth le scoláirí chun iad a threorú ar bhealach a leasa. Cuirtear an-bhéim ar na scoláirí a réiteach agus iad a threorú i dtreo cúrsaí oiriúnacha 3ú léibhéil & Printíseachtaí.

Tá atmaisféar an-cháirdiúil agus spreagúil sa scoil. Tá pobal na scoile an-bhrodúil as oidhreacht agus traidisiúin an cheantair agus é sin le feiceáil go suntasach in imeachtaí go léir na scoile. Tá réimse leathan d’imeachtaí sheach-churaclam ar fáil ag na scoláirí, ina measc peil ghaelach, sacar, iománaíocht, camógaíocht, cispheil, drámaíocht, díospóireacht & ceol.

Tá forbairt ollmhór ceadaithe don scoil & is cinnte go ndéanfaidh sé seo an-leas do phobal na scoile agus do phobal Chois Fharraige.

 

Page generated in 0.1115 seconds.