Ceardlanna ceoil an earraigh

Don tríú bhliain as a chéile tá Craobh Mhaigh Cuilinn de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ag eagrú ceardlanna ceoil traidisiúnta, áit a mbeidh oiliúint ar fáil i réimse leathan uirlis cheoil agus damhsa ar an sean-nós.

Beidh na ceardlanna ar siúl an Satharn seo chugainn, 10 Aibreán, i Scoil Mhuire i Maigh Cuilinn ó 10.00rn go dtí 4.00in agus cuirfear críoch le himeachtaí an lae le seisiún ceoil i dteach tábhairne an Forge.

Is iad seo leanas na ceoltóirí a bheidh i mbun na ceardlanna. Maeve Donnelly agus John McHugh – fidil, Paul Finn – bosca ceoil, Joe Skelton agus Amy Duggan – feadóg stáin, agus Emma O Sullivan le damhsa ar an sean-nós.

Is féidir clárú do na ceardlanna ag 9.30rn ar an Satharn seo chugainn nó trí theagmháil a dhéanamh le Caomhán Ó Fatharta ag 085 84089746.

 

Page generated in 0.3213 seconds.