Scoil Samhraidh an Phiarsaigh

Déanfaidh Mícheál Ó Muircheartaigh Scoil Samhraidh an Phiarsaigh a oscailt tráthnóna inniu, Déardaoin 27 Iúil, ag 7.30in in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Ros Muc. Is í seo an tríú bliain as a chéile go bhfuil an ócáid seo á eagrú ag Comhairle Chontae na Gaillimhe chun comóradh a dhéanamh ar an bPiarsach, ar an bhfís a bhí aige agus ar roinnt de na nithe a raibh sé paiseanta fúthu, ina measc an Ghaeilge, an t-oideachas agus litríocht na Gaeilge.

Roimh an ócáid oscailte déanfaidh Fíbín an seó Clann Lir a chur ar stáitse san Ionad Cultúrtha agus díreach i ndiaidh na hoscailte reáchtálfar ócáid siamsaíochta leis an damhsóir ar an sean-nós, Róisín Ní Mhainnín, an t-amhránaí Caitlín Ní Chualáin, agus na ceoltóirí Neansaí Ní Choistealbha agus Colm Gannon

Ar an Aoine ag 10.30rn tabharfaidh painéal cainteoirí faoin téama tromchúiseach “An mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo sa Ghaeltacht?”. Is í an craoltóir raidió, Máirín Ní Ghadhra a bheas mar chathaoirleach ar an seisiún agus beidh Peadar Mac an Iomaire, Máire Ní Neachtain, Íte Ní Chionnaith agus Harry McGee ar an bpainéal chun plé a dhéanamh ar an gceist mhór seo.

Sa tráthnóna, ag 2.05in, déanfaidh Cillian de Grás, bainisteoir Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, cur i láthair faoin ionad breá atá acu ansin anois agus faoina pleananna atá acu don ionad. Ina dhiaidh sin, díreofar ar shaol agus ar shaothar an fhile aitheanta, Caitlín Maude, le cur i láthair leis an Dr Ciarán Ó Coigligh agus le nia agus deartháir Chaitlín, Tomás Ó hÍr agus Cyril Maude. Beidh Kathy Ní Chonghaile, Príomhoide Scoil Náisiúnta Mhuire, An Turlach Beag, i láthair freisin chun rogha de shaothar Chaitlín Maude a léamh.

Cuirfear críoch le himeachtaí an lae le seisiún siamsaíochta lasmuigh de Theach an Phiarsaigh le Pádraig Ó Dubhghaill, Luisne Ní Neachtain, Brian Terry Mac Donnacha, Bríd Ní Mhaoilchiaráin agus Fearghas Mac Lochlainn.

 

Page generated in 0.3590 seconds.