Oifigeach forbartha na dtuismitheoirí

Tá go dtí 5.00in ar an Luan seo chugainn, 31 Iúil, ag iarrthóirí ar mhian leo cur isteach ar an bpost mar oifigeach forbartha atá fógartha ag Tuismitheoirí na Gaeltachta. Seo post lánaimseartha ar chonradh cheithre mhí agus beidh an tOifigeach Forbartha lonnaithe i SPLANC, ionad na heagraíochta atá suite i bPáirc Ghnó na Ceathrún Rua.

Ní mór go mbeadh Gaeilge mhaith agus scileanna maithe idirphearsanta agus ríomhaireachta ag iarrthóirí chomh maith le cumas oibriú as a stuaim féin. Bheadh cáilíocht agus/nó taithí in aon cheann de na réimsí seo a leanas ina bhuntáiste, forbairt pobail agus óige, cúram leanaí, pleanáil teanga agus cúrsaí riaracháin. Tá tuarastal tarraingteach ar fáil ag brath ar thaithí agus cháilíochtaí.

Ní mór d’iarratasóirí litir iarratais mar aon le CV reatha a sheoladh chuig: An Cathaoirleach, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Aonad 3 B & C, Páirc Ghnó na Ceathrún Rua, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe nó chuig: tuismitheoirina [email protected].

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le 091 869571 nó tuismitheoirina [email protected].

 

Page generated in 0.3266 seconds.