Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge

Reáchtálfar Seimineáir Oireachtais Chonradh na Gaeilge Dé Sathairn seo chugainn, 3 Samhain, in Óstán Mount Errigal, Leitir Ceanainn, áit a mbeidh todhchaí na Gaeilge i dTuaisceart Éirinn agus sa Ghaeltacht faoi chaibidil.

Is é uachtarán an Chonartha, Donnchadh Ó hAodha, a bheas mar chathaoirleach ar an seimineár ag a mbeidh Carál Ní Chuilín, Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta an Tuaiscirt, agus an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich i láthair le léargas a thabhairt ar an ábhar.

Déanfar plé ar pholasaithe Rialtas an Deiscirt i leith na Gaeilge agus go háirithe todhchaí na teanga ó foilsíodh Acht na Gaeltachta níos túisce sa bhliain. Beidh an tAire Carál Ní Chuilín ag tabhairt léargais ar thionscadal Líofa 2015 a seoladh sna sé chontae i 2011 agus an próiseas comhairliúcháin poiblí atá faoi lán seoil sa Tuaisceart i láthair na huaire maidir le bunú straitéis don Ghaeilge.

Déanfaidh Niall Comer, Uachtarán Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge, tuairimí phobal an Tuaiscirt a phlé agus beidh Cabríní de Barra, urlabhraí Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ag cur síos ar thodhchaí na teanga ó thaobh phobal na Gaeltachta de.

Cuirfear tús leis an seimineár ag 11.00rn.

 

Page generated in 0.3372 seconds.