Deireadh le toghchán an Údaráis

Tá sraith leasuithe á mholadh ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ar an mBille Gaeltachta atá á phlé sa Dáil faoi láthair maidir le comhdhéanamh Bhord Údarás na Gaeltachta. Mar atá leagtha amach faoi láthair bheadh deireadh á chur le toghcháin phoiblí do Bhord Údarás na Gaeltachta agus an ceart chun comhaltaí a thoghadh á bhaint de phobal na Gaeltachta.

Dar leis an Aire Stáit McGinly tá an leagan amach nua á mholadh ar mhaithe le hairgead a shábháil. Ach mar atá soiléir óna leasuithe atá molta ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta, dá mbeadh an toghchán á eagrú ar an lá céanna lena toghcháin rialtais áitiúil is beag costas breise a bheith ar an stát.

Beidh le feiceáil an mbeidh an Rialtas sásta glacadh lena leasuithe seo agus athrú a dhéanamh ar an mBille nó an léireoidh sé gur cur i gcéill iomlán atá i gceist ag an Rialtas agus iarracht á dhéanamh acu smacht a fháil ar roghnú Bhord an Údaráis.

 

Page generated in 0.3123 seconds.