Maoiniú sa bhreis bronnta ar eagraíochtaí teanga

Fógraíodh go mbronnfar maoiniú €647,682 thar thréimhse 3 bliana ar Ghaillimh le Gaeilge agus go bhfuil allúntas €5,576,000 curtha ar fáil in 2026 d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge chun cúram a dhéanamh d’fheidhmiú leanúnach an phróisis pleanála teanga.

D'fhógair an tAire Gaeltachta Dara Calleary go gcuirfear an t-airgead seo ar fáil nuair a sheol sé Straitéis Ghaillimh le Gaeilge, 2027-31, Déardaoin seo caite.

Táthar ag súil gur féidir leis an maoiniú seo an Ghaeilge labhartha a chur chun cinn i saol an ghnó i gCathair na Gaillimhe i saol an ghnó. Cuidíonn Gaillimh le Gaeilge le fiontair áitiúla comharthaí, cinn litreach, suíomhanna gréasáin, agus biachláir dhátheangacha a fhorbairt.

I measc na nithe a mbeidh béim orthu faoin straitéis nua, bainfear úsáid níos fearr as uirlisí agus ardáin dhigiteacha nua-aimseartha chun seirbhísí a fheabhsú agus chun úsáid na teanga a éascú d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa araon.

Cuirfear feabhas freisin ar an seirbhís 'Gaeilge sa Ghnó', a thugann tacaíocht do ghnólachtaí úsáid a bhaint as an teanga agus déanfar athbhreithniú agus athsheoladh ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh in 2027 chun comóradh 25 bliain an ghradaim a cheiliúradh.

Tá sé mar aidhm ag an nGradam seo aitheantas a thabhairt do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí i gcathair na Gaillimhe a bhaineann úsáid as an nGaeilge i gcaoi sofheicthe, dílis agus cruthaitheach a théann i bhfeidhm ar a bhfoireann, ar a gcustaiméirí, agus ar íomhá dhátheangach na cathrach.

Ina theannta sin, cuirfidh Gaillimh le Gaeilge lena obair stádas Chathair na Gaillimhe mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a neartú agus a fhorbairt, chomh maith lena stádas mar chathair dhátheangach oifigiúil a láidriú. Tacófar freisin le cur i bhfeidhm Phlean Teanga Chathair na Gaillimhe chun pobal labhartha na teanga a neartú.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Gaillimh le Gaeilge, Bríd Ní Chonghóile, ‘"Leagtar amach i Straitéis Ghaillimh le Gaeilge, 2027–2031 na tosaíochtaí agus na gníomhartha do na cúig bliana seo romhainn, ag tógáil ar bheagnach dhá scór bliain de chur chun cinn na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe."

“Bainfimid úsáid níos fearr as uirlisí agus ardáin dhigiteacha chun ár seirbhísí a fheabhsú agus úsáid na Gaeilge a éascú. Leanfaimid den obair le stádas Chathair na Gaillimhe mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a neartú agus a fhorbairt."

Dúirt an tAire Calleary, "Léiríonn an tiomantas airgeadais seo go bhfuil muinín iomlán ag an Rialtas as an obair iontach atá ar siúl ag an eagraíocht sa chathair chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn struchtúrtha i measc an lucht gnó agus i measc phobal na cathrach trí chéile."

Íocfar €4,060,000 le hÚdarás na Gaeltachta agus €1,516,000 le Foras na Gaeilge d'obair a bhaineann le na Limistéir Pleanála Teanga, na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge.

 

Page generated in 0.4970 seconds.