Seoladh leabhair: Cath Idir an Pobal agus an Murder Machine

Seolfar an leabhar Cath Idir an Pobal agus an Murder Machine anocht i gClub Áras na nGael ag 7.30i.n.

Sa leabhar seo, tugann an Dr. Kerron Ó Luain iniúchadh leitheadach ar chaoga bliain de ghluaiseacht na Gaelscolaíochta in Éirinn. Bunaithe ar thaighde staire béil, chomh maith le foinsí cartlainne agus meán, tugann an saothar seo léargas ar leith ar an gcaoi ar oibrigh pobail ar fud na hÉireann chun earnáil iomlán nua Gaelscolaíochta a thógáil, go minic d’ainneoin fórsaí stáit, coilíneacha agus nualiobrálacha.

?Roimh do Ghluaiseacht na Gaelscolaíochta teacht in inmhe sna 1970í is beag duine a shamhlódh go mbeadh fás as cuimse i ndán do scoileanna lán-Ghaeilge na tíre.

Bhí drochbhail ar an nGaelscolaíocht in Éirinn, í ag dul i léig, faoi ionsaí ag an earnáil stáit sa dá dhlínse agus gan tacaíocht i gceachtar acu. Sa leabhar seo, déantar anailís ar an gcaoi ar éirigh le gnáth-Ghaeil an taoide a iompú.

?Déanann an saothar ceannródaíoch seo an stair áitiúil a nascadh le léargais idirnáisiúnta ar ghluaiseachtaí teanga agus streachailtí oideachais. Is cuntas staire agus teistiméireacht phoiblí é, ag nochtadh na féidearthachta a bhaineann le múnlaí oideachais faoi stiúir an phobail agus eagrúchán ón mbonn aníos.

Beidh an leabhar á seoladh ag Uinseann Mac Thomáis (iar-Uachtarán Gaeloideachais ) ag 7.30i.n. agus beidh ceol traidisiúnta ar siúl ag 9i.n.

 

Page generated in 0.7917 seconds.