TG4 ag ceiliúradh 30 bliain ar an aer

Is ar Oíche Shamhna 1996, agus Oireachtas na Samhna ar siúl i nGaoth Dobhair, a tháinig TG4 ar an saol agus beidh an stáisiún i mbun ceiliúrtha speisialta le linn Oireachtas na Samhna 2026 i gCill Airne, agus TG4 ag comóradh 30 bliain ar an aer.

Ag labhairt faoin gceiliúradh, dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín, “Níl áit ar bith níos oiriúnaí ná Oireachtas na Samhna chun breithlá TG4 a cheiliúradh, i measc phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Táimid ag ceiliúradh na rudaí is tábhachtaí a bhaineann le TG4, is iad sin ár gcruthaitheacht, ár dteanga, ár gcultúr agus ár bpobal, pé áit a bhfuil siad.”

Beidh craoltaí beo, comórtais, seoltaí agus imeachtaí cultúrtha ar siúl go dtí Dé Domhnaigh, an 1 Samhain, agus clúdach cuimsitheach á chur ar fáil ar TG4, TG4+ agus ardáin dhigiteacha an stáisiúin.

Dé Sathairn, an 31 Deireadh Fómhair, seolfar TG4+, leagan nua athdheartha de Sheinnteoir TG4, a chuirfidh eispéireas feabhsaithe ar fáil don lucht féachana sa bhaile agus thar lear.

Mar chuid den cheiliúradh seolfar an dara sraith den choirdhráma CRÁ, craolfar eagrán speisialta de 7LÁ ó Chomhdháil an Oireachtais tráthnóna inniu ag 7.30i.n., le Máirín Ní Ghadhra i mbun an chláir.

Dé hAoine, cuirfidh Eimear Ní Chonaola Nuacht TG4 i láthair beo ó Chill Airne ag 7.00i.n., agus beidh comórtais amhránaíochta agus agallaimh bheirte ar fáil ar líne.

Beidh an comórtas damhsa ar an sean nós, STEIP Beo, ar TG4 ag 1.00i.n. Dé Sathairn, sula gcraolfar Corn Uí Riada, príomhchomórtas amhránaíochta ar an sean-nós, ag 7.15i.n. Beidh Cóisir na Samhna ag Cúla4 ar siúl freisin, le cluichí, ceol agus scéalaíocht do theaghlaigh.

Críochnóidh an clúdach Dé Domhnaigh le Braon ón mBarr – Oireachtas 2026 ag 7.30i.n., clár speisialta ina dtabharfar súil siar ar bhuaicphointí agus ar bhuaiteoirí na féile.

 

Page generated in 1.2713 seconds.