Tithíocht Ghaeltachta á chíoradh ag an Oireachtas

Craolfar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra beo ó Oireachtas na Samhna maidin Shathairn ag 11.00r.n. mar chuid de Sheimineár an Oireachtais, arna eagrú ag Conradh na Gaeilge.

Sa seimineár 'Gaeltacht gan Tithe - Gaeltacht gan Todhchaí?', le Dónal Ó Grádaigh, Cathaoirleach Chomharchumann Ráth Chairn sa chathaoir, pléifear tithíocht sa Ghaeltacht agus an riocht a bhfuil an Ghaeltacht chéanna 100 bliain tar éis foilsiú Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta i 1926.

I measc na n-aíonna beidh an Dr. John Walsh ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh, a bhfuil leabhar foilsithe aige le gairid faoi thuarascáil an choimisiúin; John Prendergast bainisteoir abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, agus ceannasaí na heagraíochta Tinteán, a bhfuil camchuairt déanta aige ar fud na tíre ag plé na tithíochta le roinnt seachtainí anuas; agus Cristín De Mórdha, oifigeach pleanála sa Daingean.

 

Page generated in 0.4692 seconds.