Lár Sráide le Conradh na Gaeilge

SEAS 2020

In ainneoin srianta Covid-19 tá Conradh na Gaeilge ag eagrú SEAS ’20 ar an 23 agus an 30 Meán Fómhair i mbliana in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath. Is ócáid é SEAS a thugann deis do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge bualadh le polaiteoirí chun cás na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur os a gcomhair. Díreofar ach go háirithe ar an gcáinaisnéis atá buailte linn agus ar mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta.

I mbliana, de bharr COVID-19, beidh an leagan amach difriúil ó bhlianta eile. Beidh an ócáid ar siúl thar dhá lá le deis níos fearr a thabhairt do pholaiteoirí bualadh linn. Beidh baill fhoirne Chonradh i láthair go pearsanta in Óstan Buswells chun bualadh lena polaiteoirí agus beidh na hionadaithe ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i láthair tríd Zoom. Ciallaíonn na socruithe seo nach mbeidh ar dhaoine taistil agus cloí lena teorann ar an líon daoine gur féidir a bheith sa seomra ar son cúrsaí sábháilteachta. Is féidir páirt a ghlacadh i SEAS 2020 ach scéal a chur chuig [email protected] agus déanfar gach iarracht na cruinnithe leis na TD a eagrú ag amanna atá in oiriúint.

Ranganna Gaeilge

Tá spéis mhór léirithe sna ranganna Gaeilge atá a eagrú ag Conradh na Gaeilge in Áras na nGael. Is léir go bhfuil spéis ag an bpobal filleadh ar ais ar an ngnáthshaol. Tá a lán obair déanta ag cóiriú spáis san Áras lena chinntiú gur féidir scaradh sóisialta a chinntiú agus cloí lena rialacháin sábháilteacht a bhaineann le Covid-19.

Cuirfear tús lena ranganna ar an 22 Máirt agus déanfar ranganna a thairiscint ar cheithre leibhéal, agus iad ar siúl oíche amháin sa tseachtain ar feadh tréimhse 8 seachtain. Beidh an clár teagaisc bunaithe ar chlár Theastas Eorpach na Gaeilge.

Tá táille €115 ag baint lena ranganna agus is féidir clárú ar líne ag www.arasnangael.ie, nó má theastaíonn foirm iarratais nó tuilleadh eolais uait is féidir teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh ag 091 567824 nó [email protected]. De bharr shrianta Covid-19 beidh gá go mbeidh gach duine cláraithe roimh thús na ranganna.

Post le Conamara Láir

Tá Oifigeach Pleanála Teanga(OPT ) á lorg ag Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Chonamara Láir. Beidh sé de chúram ar an OPT bainistiú a dhéanamh ar fheidhmiú an Phlean Teanga atá curtha i dtoll a chéile don limistéar. Is í aidhm an Phlean Teanga ná an Ghaeilge a threisiú mar theanga an phobail sa limistéar agus tionscnaimh úra a shaothrú aisti ar mhaithe le buanú an phobail.

Beidh an tOifigeach Pleanála Teanga fostaithe ag Forbairt Chonamara Láir, ceanneagraíocht an phróisis Pleanála Teanga i gConamara Láir. Beidh an OPT ag obair i gcomhar le Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Chonamara Láir le cuspóirí an Phlean 7 mbliana a bhaint amach. Post ar chonradh trí bliana atá á thairiscint mar thús. Íocfar tuarastal idir €35,000 - €50,000 ag brath ar thaithí agus ar cháilíochtaí.

Ba chóir iarratas agus C.V. a sheoladh chuig: Oifigeach Forbartha, Forbairt Chonamara Láir Teo., Teach an Údaráis, Carna, Co. na Gaillimhe roimh Dé hAoine 25 Meán Fómhair 2020. Tá sonraí iomlán, agus cóip den phlean teanga ar fáil ag www.conamaralair.ie

Eolas chuig:

Peadar Mac Fhlannchadha

Conradh na Gaeilge

45 Sr Doiminic, Gaillimh

Fón 091 567824 [email protected] www.arasnangael.ie

Foclóir

in ainneoin despite

srianta restrictions

deis opportunity

cáinaisnéis budget

ionadaithe representatives

teorann limit

filleadh return

tairiscint offer

taithí experience

cailíochtaí qualifications

sonraí details

 

Page generated in 0.3300 seconds.