Ó Loch Con Aortha go Bostún

Bhí an scannán faisnéise In the Shadow of the Glen – Anseo i Lár an Ghleanna, ar cheann den dá scannán de chuid TG4 a léiríodh ag Féile Scannánaíochta na hÉireann i mBostún le déanaí. Arna stiúradh agus arna léiriú ag Seán Ó Cualáin, insítear an riocht ina bhfuil baile Loch Con Aortha i gConamara agus bliain de shaol phobal na háite sin in iarthar na hÉireann á chur i láthair. Arna thuiscint dóibh go bhfuil an tseansibhialtacht Ghaelach lena mbainidís imithe i léig, féachann na daoine le saíocht an phobail a chaomhnú nuair a thuigtear dóibh go mb’fhéidir go n-éireodh leo oidhreacht an bhaile a shábháil, fiú mura n-éiríonn leo an baile féin a thabhairt slán. Tá Anseo i Lár an Ghleanna le feiceáil anois ar Sheinnteoir TG4.

Tá Féile Scannánaíocht na hÉireann i mBostún ar an bhféile is mó dá leithéid taobh amuigh d’Éirinn féin. Cuirtear deiseanna taispeántais, dáileacháin agus oideachais ar fáil do lucht scannánaíochta ann; déantar ceiliúradh ar a gcuid saothair le gradaim a bhronnadh; agus léirítear scannáin fhaisnéise faoi scannánaíocht na linne seo in Éirinn.

Is é Noel Hill – Broken Dream (Aisling Ghéar ) an scannán eile de chuid TG4 a léiríodh ag an bhFéile, agus deir Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, “Is ábhar ríméid againn na cláir fhaisnéise ardchaighdeáin seo a bheith roghnaithe le taispeáint ag ócáid chomh tábhachtach leis an bhféile seo. Tá buntábhacht ag TG4, mar chuid den tionscnamh ‘TG4 Gach Áit’, le caidreamh a cheangal leis an Éireannach cibé áit ina bhfuil sé nó sí agus tá súil againn go gcuirfidh taispeáint na scannán seo leis an dream dílis féachana atá againn cheana féin sna Stáit Aontaithe.”

Maoiníodh na scannáin seo trí chomhchiste as Ciste Fuaime agus Físe Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI ). Deir Michael O’Keeffe, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, “Is cúis áthais don Údarás Craolacháin an dá scannán ardchaighdeáin seo i nGaeilge a bheith á dtaispeáint ag Féile Scannánaíochta Bhostúin.”

 

Page generated in 0.4002 seconds.