Snapchat as Gaeilge

Tá scagairí tíreolaíochta as Gaeilge do gach contae in Éirinn forbartha ag Snapchat mar chuid d’fheachtas Gaelsnap Chonradh na Gaeilge. Is í Éire an tír is mó úsáid Snapchat de réir chéatadán na ndaoine fásta a bhaineann úsáid as i ngach margadh sa domhan, agus fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh sheoladh na scagairí tíreolaíochta Gaeilge ar an aip Snapchat inniu.

Deir Orlaith Nic Ghearailt, Feidhmeannach Sheachtain na Gaeilge le Conradh na Gaeilge: “Tá níos mó deiseanna ná riamh ag daoine an Ghaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta, agus tá áthas orainn go bhfuil fáil anois ar scagairí tíreolaíochta Snapchat i nGaeilge. Tá Facebook, Twitter agus Gmail ar fáil as Gaeilge cheana féin, mar sin tá sé ar fheabhas gur féidir Snapchat a chur le liosta na ngnóthaí idirnáisiúnta ag baint leasa as an nGaeilge freisin. Tá súil ag Conradh na Gaeilge go spreagfaidh sé seo fiú níos mó daoine lena gcuid Gaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta.”

 

Page generated in 0.3525 seconds.