Tionól Gaeltachta i nGort an Choirce

Beidh turas go hOileán Thoraí ar cheann de bhuaicphointí Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl ón 2 – 5 Iúil i nGort an Choirce, Tír Chonaill.

Cuirfear tús leis an Tionól le fáiltiú in Óstán Loch Altan tráthnóna Déardaoin agus cuirfidh an ócáid seo tús le deireadh seachtaine d’imeachtaí a thabharfaidh deis do chuairteoirí eolas a chur ar an gceantar chomh maith le scíth a ligean agus taitneamh a bhaint as an saol.

Ar oíche Aoine 3 Iúil déanfaidh Conradh na Gaeilge scrúdú ar na dúshláin agus riachtanais a bhaineann le tógáil páiste le Gaeilge sa Ghaeltacht sa lá atá inniu ann.  Beidh painéal aoi-chainteoirí ag labhairt ag seimineár ar an téama seo.

San oíche Shathairn léireoidh Noel Ó Gallchóir a seó aonair Idir Dhá Cheann na hImní, seó atá bunaithe ar shaol agus ar shaothar Sheosaimh Mhic Grianna, a léiriú mar chuid den Tionól.

Tá pacáiste speisialta curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge a chlúdaíonn leaba agus bricfeasta don deireadh seachtaine ón Déardaoin go dtí an Domhnach, béilí tráthnóna, turas ar na hoileáin Thoraí, seimineár, dráma agus na himeachtaí sóisialta ar fad. Tá an pacáiste seo ar fáil ar €240 agus is féidir clárú don Tionól ag www.cnag.ie

 

Page generated in 0.3551 seconds.