Buaiteoirí Ghlór na nGael i nGaillimh

Fógraíodh roinnt de thorthaí chomórtas náisiúnta Ghlór na nGael ar chlár Seán Bán Breathnach ar Raidió na Gaeltachta Dé hAoine seo caite. Go deimhin bualadh bob ar Sheán nuair a fógraíodh le linn an chláir gurbh é féin a bhí ainmnithe do Ghradam Ghlór na nGael i mbliana.

I measc buaiteoirí na Gaillimhe bhí Comhlacht Forbartha an Spidéil, (Duais Oidhreachta ar luach €1,500 ), Coiste Forbartha Chorr na Móna, (Duais Chomhairle Contae na Gaillimhe ar luach €1,500 ) agus Glór Locha Riach, (Duais Chumann na Sagart ar luach €2,500 ).

Ar an gclár freisin fógraíodh go raibh Craobh Mhaigh Chuilinn de Chonradh na Gaeilge agus Coiste Pobal an Tulaigh ainmníodh ar an ngearrliosta don duais náisiúnta do choistí gan cúnamh fostaíochta. San áireamh ar an ngearrliosta do choistí le cúnamh fostaíochta tá Glór Locha Riach agus Comharchumann Chois Fharraige. Beidh ar na coistí seo fanacht anois go dtí mí Aibreán sula scaoilfí an rún mór cé a bheidh mar bhuaiteoirí náisiúnta Ghlór na nGael i mbliana.

 

Page generated in 0.2903 seconds.