In ómós do Mhícheál

Ná déanaigí dearmad ar an gclár speisialta a bheidh á gcraoladh ar Raidió na Gaeltachta san oíche amárach, Dé hAoine 10 Meán Fómhair, chun ómós a thabhairt do dhuine mórphearsa na tíre, Mícheál Ó Muircheartaigh. Craolfar an clár, Mícheál – Tráchtaire ár Linne, beo ó Óstán an Galway Bay ó 7.00 – 9.00in. Is é Seán Bán Breathnach, le tacaíocht ó iar-chaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, a chuirfidh an clár i láthair agus orthu siúd a bheidh ag tabhairt ómóis do Mhícheál beidh cairde agus comhghleacaithe leis óna heagraíochtaí ar fad a raibh nó a bhfuil baint aige leis. Ar ndóigh beidh lucht CLG san áireamh, chomh maith le pobal na Gaeilge, lucht Rásaí na gCon, RTÉ agus cairde óna cluichí Oilimpeacha speisialta – gan ach cuid acu a lua.

I láthair sa lucht éisteachta chomh maith beidh clann Mhichíl agus cairde leis ó fud fad na tíre agus iad bailithe chun ómós a thabhairt dhó agus é i ndiaidh an cheithre scor a bhaint amach.

Mícheál – Tráchtaire ár Linne, beo ar Raidió na Gaeltachta, Dé hAoine 10 Meán Fómhair ó 7.00 – 9.00in.

 

Page generated in 0.3579 seconds.