An bhfuil tú ag déanamh do liosta agus á seiceáil faoi dhó? Gan ach cúpla seachtain fágtha go dtí an lá mór, beidh daoine ag smaoineamh faoi na féiríní deasa gur féidir leo bronnadh ar a gclann agus ar a gcairde agus ní féidir dul amú le leabhar maith. Tá rogha iontach leathan de leabhair ar fáil agus roghnaigh Love Leabhar Gaeilge cúpla ceann a chuirfeadh gliondar ar chroí duine éigin an Nollaig bheag seo.
Do dhaoine fásta le suim i stair na hÉireann agus gur maith leo scéal cumhachtach agus corraitheach, tabhair dóibh an ropleabhar An Bhlaosc sa mBois. Le nasc láidir leis an Áras Máithreacha agus Leanaí i dTuaim, pléann sé an bás, an bheatha, agus cúrsaí creidimh. Ceann eile do dhaoine le suim sa stair ná Hula Hul le Seán Mac Mathúna a thógfaidh léitheoirí siar go Ciarraí sa bhliain 1923 agus cogadh cathartha ar siúl sa tír.
D’aon duine gur maith leo mistéir le go leor castaí sa scéal, is ceann maith é Kíor Thuathail faoi thriúr cairde atá tarraingthe ar ais le chéile mar gheall ar bhás duine éigin. Coirscéinséir [crime thriller] eile nach mbeidh léitheoirí in ann leagan uathu ná Sí a insíonn faoi Hannah agus a haintín Bríd – tarlaíonn tubaiste dóibh a chuireann a saol i mbaol agus a nochtann cuid rúnda dá saol.
Tá an-tóir ar an aistriúchán liteartha le déanaí agus go leor téacsanna aistrithe ón bhFraincis, ón Iodáilis agus ó theangacha eile go héifeachtach chuig an nGaeilge. Dea-shampla de seo ná An Saol Sona - scéal daonna faoi fhear meánaosta atá ag crosbhóthar ina shaol, aistrithe ón bhFraincis ag Máirín Ní Mhárta.
Ansin, d’aosaigh óga gur maith leo fantaisíocht, tá Bithiúnaigh iontach chun dul ar aistear draíochtúil. Tá mistéir ag baint le Cloch na Gréine freisin - baile áirithe ina dtarlaíonn rudaí aisteacha. Tá an-tóir ar chomaicí agus úrscéalta grafaice i láthair na huaire agus don déagóir gur maith leo an leabhar físiúil sin, is rogha mhaith é Na Trodaoirí, faoi threibh i ré na gCeilteach atá ag iarraidh an pobal a chosaint ó namhaid gan aithint.
Sa scéal véarsaíochta Nóinín pléitear fadhbanna an déagóra; briseadh croí, cairdeas agus troid, agus an saol ar líne agus is cinnte go mbeidh a gcroí ina mbéal ag na déagóirí agus iad ag léamh an casadh mór sa scéal seo.
Ceann eile a phléann na téamaí móra a bhaineann le saol an déagóra ná Heartstopper, agus bainfidh léitheoirí taitneamh agus sásamh as an aistriúchán iontach atá déanta ar an leabhar clúiteach. Tá an chéad trí leabhar ón tsraith anois ar fáil i nGaeilge.
Ansin, do pháistí óga tá roinnt clárleabhar nua tagtha amach le déanaí. Ceann ón tsraith mhóréilimh Nano - Nano agus an Nollaig. Le béim ar an bhfoclóir a bhaineann leis an Nollaig agus léaráidí geala simplí, taitneoidh seo go mór le páistí óga aois 0-4. Ansin, is féidir le páistí dul ar thuras timpeall na feirme le clárleabhar eile, Fud Fad na Feirme – beidh siad ar bís féachaint cé hiad na hainmhithe atá i bhfolach faoi na flapaí!
Péire eile a thaitneodh le páistí gur maith leo ainmhithe ná An Peata is Fearr ina dtugann an tOllamh Seán Mac Amadáin comhairle chraiceáilte faoi conas aire a thabhairt do pheata neamhghnách, agus An Snag Breac Ildaite a dhéanann cur síos ar shnag breac agus lagmhisneach air mar nach bhfuil cleití deasa daite air. Ach spreagann na hainmhithe eile é agus feiceann sé go bhfuil sé gleoite ar a bhealach féin.
Ar deireadh, do pháistí gur maith leo an greann agus an diabhlaíocht tá Lúiscín, leagan Gaeilge den chomaic faoin gcaitín is craiceáilte ar domhan.
Leis na leabhair sin, is cinnte go mbeidh do chairde agus do chlann ag dul ar aistir iontacha fud fad na cruinne agus iad te teolaí cois tine an Nollaig seo! Má tá tuilleadh moltaí uait, téigh chuig LoveLeabharGaeilge.ie