Cuir do litir chuig Santaí sa bpost

Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta i mbun an fheachtais bhliantúil Litir chuig Santaí agus cúnamh á thabhairt acu d’fhear na féasóige chun na litreacha uilig ó ghasúir Chonamara agus áiteanna eile ar fud na hÉireann agus na cruinne a bhailiú le chéile agus a chur chuige.

Ní gá do na gasúir ach a gcuid litreacha a chur sa phost chuig an seoladh seo: Litir chuig Santaí, F/Ch Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, H91YOR2.

Bí cinnte "Tuismitheoirí na Gaeltachta" a scríobh ar an gclúdach litreach agus stampa a chur air lena chinntiú nach rachaidh an litir amú. Scríobh ainm agus seoladh na ngasúr ar an litir freisin nó beidh mearbhall ar an bhFear Mór.

Moltar go láidir na litreacha a bheith sa pbost roimh an 8 Nollaig.

 

Page generated in 0.4764 seconds.