Bagairt agus bulaíocht an Stáit

Tá iarrtha ag Guth na Gaeltachta, eagraíocht dheonach atá ag troid ar son chearta phobal na Gaeltachta, ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an litir bhagartha a sheol siad chuig Dónal Ó Cnáimhsí, ball de Ghuth na Gaeltachta, a tharraingt siar. Sheol an Roinn litir chuig Dónal Ó Cnáimhsí, atá fostaithe mar gharraíodóir i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, ionad a thagann faoi scáth na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ag bagairt air de bharr gur labhair sé amach go poiblí in aghaidh an Bhille Gaeltachta, Bille atá bruite trína Dála ó shin ag an Roinn.

I ráiteas a d’eisigh Conradh na Gaeilge deir siad: “Cuireann sé idir dhéistin agus díomá an domhain ar Chonradh na Gaeilge go bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag iarraidh srian a chur ar dhíospóireacht ar an mBille Gaeltachta trí iarracht a dhéanamh cosc a chur ar urlabhraí pobail labhairt ar an ábhar.”

Ag trácht ar an eachtra freisin dúirt Éamon Mac Niallais ó Ghuth na Gaeltachta go raibh sé maslach chomh maith gur litir go hiomlán i mBéarla a sheoladh chuig Dónal Ó Cnáimhsí agus rinne sé cáineadh géar ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ag rá nach raibh siad ag éisteacht le pobal na Gaeltachta agus go raibh siad ag léiriú easpa measa uafásach ar an bpobal céanna.

 

Page generated in 0.3071 seconds.