An Prionsa Sona sa Taibhdhearc

Is é An Prionsa Sona, leagan úr de dhráma cháiliúil Oscar Wilde, atá roghnaithe ag an Taibhdhearc, mar Sheó na Nollag. Beidh sé ar stáitse ón 1 – 19 Nollaig agus is féidir ticéid chlainne agus ticéid do scoileanna agus grúpaí óige a chur in áirithe anois.

Is scéal thar a bheith tochtmhar agus draíochtach é An Prionsa Sona, faoi fháinleog agus faoi phrionsa atá réidh le gach rud a fhágáil ina ndiaidh chun cruatan an tsaoil a laghdú do dhaoine eile.

De réir mar a thiteann an fómhar agus a athraíonn an aimsir go gasta, an mbeidh go leor ama ag an bhFáinleog bheag éalú as an bhfuacht agus eitilt chun na hÉigipte? Cad a tharlóidh nuair a bhuailfidh an Fháinleog le dealbh óir an Phrionsa Shona?

I ndomhan ina bhfuil áilleacht ar leith le fáil i ngníomhartha cineálta, is scéal é An Prionsa Sona a spreagann muid uilig le bheith níos neamhleithlí agus níos láiche.

Tá an casadh úrnua seo ar scéal cáiliúil Oscar Wilde suite in Éirinn, i mbaile beag atá iontach cosúil le Gaillimh. Titfidh an lucht féachana idir óg agus aosta i ngrá leis an bhFáinleog agus leis an bPrionsa Sona.

Tá an seó iomlán draíochtach agus lán le ceol, amhránaíocht, damhsa agus ar ndóigh an Méara agus Banmhéara atá an-amaideach ar fad. Tá an fhoireann óg d’aisteoirí thar barr freisin – seo seó teaghlaigh a bheadh foirfe um Nollaig.

Is í Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne na Taibhdheirce, atá mar stiúrthóir agus déanfaidh Meadhbh Lyons an chóiréagrafaíocht le buncheol ó Danny Forde.

Is í an file agus drámadóir Celia de Fréine a rinne an leagan Gaeilge den scéal agus d’éirigh léi fanacht dílis don bhunscéal agus casadh na hÉireann a chur air ag an am céanna.

Evanne Kilgallon a bheidh sa pháirt mar an Fháinleog, Fionnán Morley mar an Prionsa Sona, Séamus Hughes mar Mhéara, Hannah O’Reilly mar Bhanmhéara agus Lorraine de Staic mar Áine. Leo ar an stáitse beidh foireann d’aisteoirí óga idir 7-13 bliana d’aois, agus páirt acu mar pháistí agus mar chuid de mhuintir na háite.

Ag labhairt ar sheó Nollag na bliana seo, dúirt Muireann, “Táimid ag iarraidh go mothóidh an lucht féachana go bhfuil siad ag léim isteach i leabhar scéalta, agus muid ag tabhairt deis ar leith dóibh seal a chaitheamh i saol eile scéalaíochta atá lán le draíocht, ceol agus áilleacht.

"Fuair mé inspioráid ón fhilíocht i ngearrscéalta Oscar Wilde agus in ealaín Aubrey Beardsley chomh maith. Fuair mé spreagadh freisin ó fhoirgneamh na Taibhdheirce féin agus an obair a rinne an chéad Stiúrthóir Ealaíne a bhí againn, Micheál Mac Liammóir, a mhaisigh a leabhair féin do pháistí."

"Thug muid na rudaí seo le chéile chun casadh úrnua Gaeilge a chur ar an scéal, atá fréamhaithe sa scéalaíocht agus a chuirfidh eispéireas draíochtach ar fáil do pháistí agus do theaghlaigh an Nollaig seo.”

Maireann an seó thart ar uair a chloig agus is féidir ticéid a chur in áirithe in oifig na dticéad sa Taibhdhearc, nó ar an bhfón ag 091357011. Beidh léiriú suaimhneach den Seó ar siúl ar an Domhnach an 13 Nollaig ag 3.00i.n.

 

Page generated in 0.9856 seconds.