Tóraíocht an Yummy Mummy

Cuirfidh Taibhdhearc na Gaillimhe tús luath le séasúr na geamaireachtaí ar Dé hAoine 26 Samhain le Tóraíocht an Yummy Mummy, seó atá scríofa ag Risteárd Ó Broin.

Scéal ar mhúnla Indiana Jones atá i ngeamaireacht na bliana seo: téann an Dr Stanley agus Ollie go dtí an Éigipt ag cuardach thuama an Bhanfharó Hatchetsoup — seanchailleach chontúirteach. Dar ndóigh, tá baddies go leor sa scéal, ar nós Árd-Draoí Kino agus a leathbhádóir Ali Flicknife, a fhéachann le stop a chur le Stanley agus Ollie, agus an tuama agus na seoda atá i bhfolach ann a aimsiú dóibh féin. Ina dteannta siúd, tá baicle mhór de charachtair eile páirteach sa gheamaireacht, ina measc an fearaí fiáin Ellie a thiteann i ngrá le duine de na buachaillí. Mar is dual do scéal ar bith a bhfuil mumaí ann, tá mallacht an mhumaí ann, mallacht a thitfidh ar aon duine a theagmhóidh le taisí an Bhanfharó Hatchetsoup.

Is é Éamonn Draper stiúrthóir an seó agus is í Máire Stafford a d’aistrigh na hamhráin go Gaeilge, amhráin de chuid ABBA den chuid is mó.

Ag glacadh páirte beidh Maidhc P Ó Conaola, Séamus Ó hAodha, Máire Bhreathnach, Linda Bhreathnach, Micheál Ó hAinnín, Gail Curry, Tara Breathnach, Seán Mac Giollarnáth, Gerry Ferguson, agus neart eile.

Is sa Dubhlann a bheidh Tóraíocht an Yummy Mummy á léiriú, ón gCéadaoin 26 Samhain go dtí an Domhnach 30 Samhain, ag tosú ag a 8.00in le matinée ar siúl ar an Satharn agus Domhnach 29-30 Samhain ag a 1.00in.

Is féidir ticéid a chur in áirithe ach glaoch ar (091 ) 569777.

 

Page generated in 0.2972 seconds.