Beidh seisiúin eolais praiticiúil á reachtáil i dTír an Fhia chun fearais leictreacha tí laethúil a dheisiú agus a chaomhnú.
Mar comhpháirtithe ar an togra Eorpach E6, tá Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Ceantar na nOileán ag tabhairt faoi ionad geilleagair chiorclaigh a bhunú i réigiún Gaeltachta na Gaillimhe.
Ag obair le gnólachtaí, le heagraíochtaí pobail agus le comhlachtaí poiblí, is í ceann de phríomhaidhmeanna an togra ná oiliúint agus traenáil a chuir ar fáil, ag cuidiú leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach agus meoin na ndaoine faoi úsáid earraí leictreonach a athrú.
Beidh an cúrsa á reáchtáil ag Declan McElwaine, innealtóir fearais leictreacha agus úinéir Appliance Advice. Cabhróidh na seisiúin eolais le daoine airgead a shábháil agus saol níos faide a bhaint amach as a gcuid fearais leictreonacha tí cosúil le meaisíní níocháin, oighinn, triomadóirí agus miasniteoirí. Beidh deis ag na rannpháirtithe cur lena gcuid oiliúint le cúrsa leantach 8 seachtaine a bheidh á reáchtáil ag Declan amach anseo.
Dúirt Declan McElwaine, riarthóir an chúrsa, "Baintear níos mó úsáid as fearais tí ná riamh, mar shampla, na laethanta seo úsáidtear miasniteoirí trí uair in aghaidh an lae."
"Le tuilleadh caitheamh agus cuimilt ar earraí leictreacha, is í aidhm an chúrsa seo ná scileanna praiticiúla a mhúineadh do dhaoine ionas gur féidir leo fearais a dheisiú iad féin in ionad cinn nua a cheannach. Is buntáiste é seo don tomhaltóir, mar gheall go mbeidh airgead á shábháil acu, ach cuireann sé leis an inbhuanaitheacht sa cheantar freisin."
Beidh an seisiúin ar siúl ag 7in, i Halla Comhairle Ceantar na nOileáin, Tír an Fhia, Leitir Móir, Dé Céadaoin, 18ú Samhain.
Is féidir clárú ar Eventbrite roimh ré agus beidh bileog chlárúcháin ar an oíche chomh maith.