Is féidir áirithintí a dhéanamh anois do na mórimeachtaí a bheidh ar siúl mar chuid d’Fhéile Bia Chois Fharraige, a bheidh ar siúl ón 23–26 Deireadh Fómhair.
Cuirfear tús leis an bhféile le hócáid oscailte i Sáile Dé hAoine beag seo, le snagcheol beo agus bia áitiúil. Dé Sathairn, beidh Margadh Bia agus Ceardaíochta i gColáiste Chonnacht, chomh maith le Turas Bia speisialta le Fable Tours, agus réimse ceardlann phraiticiúil ar choipeadh, saghdar tine agus garraíodóireacht.
Dé Domhnaigh, tabharfar deis do chuairteoirí dul i dteagmháil le saibhreas nádúrtha agus cultúrtha an cheantair le ceardlann dúlamáin, caint ar sheanchas agus flúirse an fhómhair, agus ceardlann ar luibheanna agus leigheas traidisiúnta. Críochnóidh an deireadh seachtaine leis An Féasta Mór i mBuilín Blasta, le béile trí chúrsa de tháirgí áitiúla, fíon agus ceol beo.
Dúirt Seán Seoighe, Oifigeach Turasóireachta Chomhlacht Forbartha an Spidéil, gur theastaigh ó lucht eagraithe na féile, “ceiliúradh a dhéanamh ar bhia, daoine, táirgeoirí, scéalta agus tírdhreach álainn Chois Fharraige.”
Ar na daoine eile atá ag eagrú na Féile tá Joe Flaherty ón mbialann Sáile, Diarmuid Ó Mathúna ó POTA Café, agus Eimear Killeen ón mbialann Builín Blasta sa Spidéal.
Is féidir ticéid a cheannach ag https://linktr.ee/an_Spideal agus tá an clár iomlán ar fáil ag www.anspidéal ie.