Laghdú ar fhíor-chaiteachas Gaeltachta i mBuiséad 2027

Tá laghdú 3.11% tagtha ar fhíor-chaiteachas ón stát ar an nGaeltacht i mBuiséad 2027.

D’fhógair an t-Aire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers sa Dáil Dé Máirt, go mbeidh milliún euro sa bhreis ar fáil don Ghaeltacht - ach nuair a eisíodh cáipéisí le níos mó sonraí níos déanaí, tugadh le fios nach raibh ach ardú €767,000 ann.

Ciallaíonn sé seo nach raibh ach ardú 0.48% ar an gcaiteachas seo, i dtéarmaí ainmniúla. Nuair a chuirtear san áireamh áfach go raibh boilsciú don bhliain seo - is é sin an t-ardú atá tagtha ar phraghasanna sa ngeilleagar - ag 3.7% Mí Lúnasa in Éirinn, bheadh méadú €5.15 milliún ag teastáil chun an fhíor-chaiteachais ar an nGaeltacht a choinneáil seasta.

Sular foilsíodh Buiséad 2027, tuairiscíodh go mbeadh €750,000 breise ar fáil do phleanáil teanga agus €500,000 breise á thabhairt d'Údarás na Gaeltachta.

Agus an tuairisc seo á scríobh, tá an chuma ar an scéal go dtiocfaidh an maoiniú seo ó chiorrú ar bhuiséad caipitil na teanga.

Ina iomláine, tháinig laghdú €5 milliún ar bhuiséad caipitil an rialtais don Ghaeltacht, ó €55 milliún go dtí €50 milliún. Aistríodh an t-airgead sin go dtí caiteachas reatha, a mhéadaigh ó €105 milliún go dtí €110 milliún.

Baineann caiteachas reatha le costais gearrthéarmacha agus baineann caiteachas caipitil le hinfheistíochtaí fadtéarmacha. De ghnáth bíonn costas láithreach ag baint le caiteachas reatha ach cuidíonn caiteachas caipitil le forbairt fadtéarmach.

Ina iomláine, fuair an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta ardú €15 milliún ach beidh formhór dó seo á chaitheamh ar fhorbairt tuaithe agus ar ghnóthaí réigiúnda. Fograíodh €1.5 milliún breise do sheirbhísí iompair na n-oileán freisin.

Agus é ag labhairt dó sa Dáil Dé Máirt, bhí an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers dearfach faoi na soláthairtí a bhí sa mBuiséad don Ghaeltacht.

“Cabhróidh milliún euro breise le tuilleadh daoine i bpobail na Gaeltachta a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt agus a choinneáil,” a dúirt sé.

Géarcháineadh ón bhfreasúra

Tharraing an Buiséad – de réir mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht – géarcháineadh ó lucht an fhreasúra áfach.

Agus í ag labhairt di sa Dáil, dúirt Teachta Dála na Gaillimhe Thiar, Mairéad Farrell - atá mar urlabhraí caiteachais phoiblí Shinn Féin - nach raibh an rialtas tar éis airde a thabhairt don ghéarchéim thithíochta sa nGaeltacht.

“Tá géarchéim eiseach inár gceantrachaí Gaeltachta mar gheall ar an nganntanas tithíochta do theaghlaigh óga a theastaíonn uathab an chéad ghlúin eile a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht,” a dúirt an Teachta Farrell.

“Faoi láthair, ní féidir teach a thógáil, a cheannach nó a fháil ar cíos sa nGaeltacht - caithfear é sin a athrú. Teastaíonn plean uaillmhianach, tithíochta inár nGaeltachtaí agus inár n-oileáin amach ón gcósta. Teastaíonn tithíocht shóisialta, tithíocht ar phraghas réasúnta agus deiseanna tithe a thógáil.

“Tá bun-infreastruchtúr lárnach dó sin. Ní féidir saol a thógáil nuair nach bhfuil sé sin ann."

Tá an t-Aire Gaeltachta Dara Calleary tar éis cosaint a dhéanamh ar an soláthrú don Ghaeltacht sa mBuiséad i mbliana agus dúirt sé go raibh an buiséad is mó riamh ann di anuraidh.

Beidh an t-Aire Calleary ag glacadh páirte i bpreasócáid níos déanaí inniu agus tuigtear go mbeidh níos mó sonraí faoin gcaiteachas Gaeltachta ar fáil thart ar an am seo.

 

Page generated in 0.4191 seconds.