Cárta Bronntanais nua chun tacú le gnólachtaí Gaeltachta

Tá Údarás na Gaeltachta ag moladh do ghnólachtaí sa nGaeltacht páirt a ghlacadh sa scéim "Cárta na Gaeltachta."

Is cárta bronntanais é Cárta na Gaeltachta atá forbartha ag an Údarás chun tacú le gnólachtaí ar fud na Gaeltachta agus chun caiteachas a spreagadh laistigh de phobail áitiúla.?

Beidh gnólachtaí sna ceantair Ghaeltachta incháilithe chun glacadh le Cárta na Gaeltachta gan aon chostas cláraithe agus ní bheidh trealamh breise ag teastáil. Ní bheidh aon choimisiún le híoc ag gnólachtaí Gaeltachta a ghlacann leis an gcárta.?

Sna seachtainí amach romhainn, beidh ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta ag tabhairt cuairte ar ghnólachtaí ar fud na Gaeltachta chun iad a chlárú agus a ullmhú le glacadh le Cárta na Gaeltachta nuair a sheolfar é.

Beidh Cárta na Gaeltachta mar chuid den líonra Town & City Gift Cards, a bhfuil roinnt gradam buaite aige agus atá i bhfeidhm ar fud na hÉireann, áit a bhfuil breis agus €30m de chaiteachas áitiúil spreagtha aige go dtí seo.?

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, "Is scéim cheannródaíoch é Cárta na Gaeltachta do réigiúin na Gaeltachta. Trí chárta bronntanais amháin, cuirfear tionchar eacnamaíoch inbhraite ar fáil do ghnólachtaí áitiúla trí líon na gcuairteoirí agus an caiteachas a mhéadú i measc réimse leathan gnólachtaí Gaeltachta."

"Trí Chárta na Gaeltachta, díreoimid aird ar an tairiscint ghnó uathúil atá le fáil ar fud na seacht gcontae Gaeltachta agus cothóimid cultúr fadtéarmach ‘ceannaigh go háitiúil’, a chuirfidh gnólachtaí na Gaeltachta chun cinn agus a thacóidh leo."?

Tá tús curtha leis an bpróiseas clárúcháin do ghnólachtaí don chárta, a bheidh á sheoladh go hoifigiúil níos déanaí sa bhfómhar.

 

Page generated in 0.4140 seconds.