Tabharfaidh muintir na Gaillimhe Thiar cuairt ar hallaí scoile agus ionaid phobail an dáilcheantair le vóta a chaitheamh aríst amárach. Go traidisiúnta, ní bhíonn sé éasca do pháirtithe rialtais fothoghchán a bhuachaint ach deir an t-aon phobalbhreith a tógadh go bhfuil an-seans ann go bhféadfadh Sean Kyne ó Fhine Gael an tseanriail sin a bhriseadh.
Ní chiallaíonn sé sin go bhfuil an scéal socraithe áfach. Ní bhíonn pobalbhreitheanna iomlán cruinn ariamh – agus is minic a bhíonn na cinn áitiúla go hiomlán as riocht.
Bhí cuid mhór daoine ag ceapadh go mbeadh Noel Thomas ó Éire Neamhspleách níos láidre sa bpobalbhreith seo freisin agus eisean atá fós mar rogha na ngeallghlacadóirí.
Tá tacaíocht aige gan dabht – go háirithe i gConamara – ach b’fhéidir go bhfuil cuid den phobal faiteach faoi chuid de na tuairimí atá aige maidir leis an inimirce cé go dtéann sé seo go mór i bhfeidhm ar dhaoine eile.
Ar an eite chlé, áfach, tá an iomaíocht thar a bheith spéisiúil. Tá an cuma ar an scéal go mbeidh cath ceart idir Helen Ogbu ó Pháirtí an Lucht Oibre agus Míde Nic Fhionnlaoich ó na Daonlathaithe Sóisialta le tíocht chun cinn ar an taobh seo den deighilt pholaitiúil.
Tá suntas áirithe ag baint leis an iomaíocht seo, mar pé duine a thagann chun cinn ar an eite chlé beidh tacaíocht mhór le fáil acub ó vótaí aistrithe.
Is bean Ghaeltachta í Míde agus beidh buntáiste aici i gConamara. Beidh sí ag iarraidh leas a bhaint as an tacaíocht a fuair Catherine Connolly sa gceantar seo agus seans go dtabharfaidh sé seo deis di vótaí luachmhara tuaithe a aimsiú – rud a bhíonn deacair d’iarrthóirí na heite clé de ghnáth.
Ag an am céanna, tá ag éirí go maith le Helen Ogbu sa mbaile mór. Tá a scéal pearsanta théis dul i bhfeidhm ar go leor daoine. I ndiaidh tragóidí uafásacha a fhulaingt ina saol féin, tháinig sí go hÉirinn mar iarrthóir tearmainn agus tá sí anois ina comhairleoir cathrach agus céim dhochtúireachta idir lámha aici.
Ina theannta sin, tá drochíde chiníoch uafásach faighte aici le linn an fheachtais. D’fhéadfadh sé sin tuilleadh tacaíochta a thabhairt di ach tá ceist ann chomh maith an bhfuil lucht vótála na heite clé anois sásta maithiúnas a thabhairt do Pháirtí an Lucht Oibre théis na mblianta a chaith siad i rialtas le Fine Gael.
Tá Sinn Féin i dtrioblóid de réir cosúlachtaí. Maíonn a n-iarrthóir Mark Lohan go bhfuil ag éirí go maith leis ach i ndáiríre, tá sé théis cur isteach go mór ar lucht an pháirtí i gConamara – ceantar atá tábhachtach do Shinn Féin.
Maidir le Mike Cubbard, déanfaidh sé go maith sa gcathair gan dabht agus aithne mhaith ag daoine air mar mhéara. Ach tá sé deacair a fheiceáil an mbeidh an neart céanna aige faoin tuath. Tá Cillian Keane ó Fhianna Fáil óg ach b’fhéidir, áfach, go bhfuil an Dáil beagáinín róluath dó fós.