Ní bheidh sé i bhfad anois go mbeidh na bádóirí ag cur na seolta in airde agus ag dul amach chun na farraige. Bígí réidh don dianiomaíocht!
Cuirfear tús le rásaí húicéara na bliana ag Féile na mBád Ros Muc ar an 13ú Meitheamh agus leanfaidh na féilte ar aghaidh go deireadh na míosa sin ar Inis Meáin agus Inis Mór.
Mí Iúil, beidh féilte ar siúl i gCill Chiaráin, Cuan na Beirtrí, Carna agus Cloch na Rón.
Mí Lúnasa agus Mí Mheán Fómhair, beidh siad ar siúl i Leitir Mealláin, Cinn Mhara, Cathair na Gaillimhe, Leitir Móir agus an Cheathrú Rua.