Díomá ar BÁNÚ faoi easpa teagmhála ó pháirtithe an rialtais

BÁNÚ i mbun agóide.

BÁNÚ i mbun agóide.

Tá an grúpa feachtais tithíochta BÁNÚ tar éis a rá go bhfuil díomá orthu nach ndearna páirtithe an rialtais mórán teagmhála leo i rith feachtas fhothoghchán Ghaillimh Thiar, a reáchtálfar amárach.

Sheol an grúpa ceistneoir chuig gach iarrthóir chun a dtuairim a fháil ar roinnt ceisteanna a bhaineann leis an ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht, ról Údarás na Gaeltachta, cumhachtaí Aire na Gaeltachta agus tithe a ligtear ar cíos gearrthéarmach.

Níor thug ach leath den 16 iarrthóir freagra ar an gceistneoir seo, sin iad Mark Lohan (Sinn Féin ); Orla Nugent (Aontú ); Míde Nic Fhionnlaoich (Na Daonlathaithe Sóisialta ); Denman Rooke (Pobal Seachas Brabús ) agus triúr iarrthóirí neamhspleácha, Sheila Garrity, Thomas Welby agus Michael Ryan.

Níor chuala BÁNÚ tada ón ochtar eile, sin iad Seán Kyne (Fine Gael ), Cillian Keane (Fianna Fáil ), Helen Ogbu (Páirtí an Lucht Oibre ), Noel Thomas (Éire Neamhspleách ), Niall Murphy (Comhaontas Glas ), Mike Cubbard (Neamhspleách ), AJ Cahill (Páirtí Mhuintir na hÉireann ) agus Patrick Feeney (Neamhspleách ).

Ag labhairt dó leis an bhfoilseachán seo, dúirt urlabhraí BÁNÚ, Donncha Ó hÉallaithe, go raibh díomá ar an ngrúpa nach ndearna páirtithe an rialtais mórán iarrachta teagmháil a dhéanamh leo i rith feachtas an fhothoghcháin.

“Bhí an-díomá orainn nár tháinig roinnt de na páirtithe ar ais – níor tháinig éinne ón dá pháirtí rialtais ar ais, ná Éire Neamhspleách, ná Páirtí an Lucht Oibre,” a dúirt sé.

“Ní amháin gur chuireamar an ceistneoir chucu uair amháin, ach chuireamar faoi dhó chucu é. Bhí neart deiseanna acub é a fhreagairt ach níor bhac siad leis.”

“Freisin, bhí díomá orainne leis na hiarrthóirí ó pháirtithe an rialtais nár tháinig siad ag an seisiún eolais a bhí á reáchtáil againn.”

Dúirt an tUasal Ó hÉallaithe freisin áfach go raibh BÁNÚ sásta gur éirigh leo cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht a chur chun cinn i rith an fheachtais, in ainneoin na heaspa teagmhála ó pháirtithe áirithe.

“Táimid sásta gur tharraingíomar aird ar an tábhacht a bhaineann le ceist na tithíochta sa nGaeltacht le linn an fheachtais, agus táimid an-bhuíoch de na hiarrthóirí a d’fhreastail ar an oíche eolais a bhí againn agus a d’fhreagair an ceistneoir,” a dúirt sé.

“Tá dóchas orainne go bhfuil níos mó tuisceana ag cuid de na hiarrthóirí ar aon chaoi, agus tá súil againn go mbeidh an duine a thoghfar sa toghchán seo in ann ionadaíocht a dhéanamh ar mhuintir na Gaeltachta.”

I measc an ochtair a d’fhreagair an ceistneoir, dúirt Bairéad (Neamh ), Garrity (Neamh ), Lohan (SF ), Nic Fhionnlaoich (DS ) agus Nugent (Aon ) gur chóir go mbeadh ról ceannasaíochta ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh soláthar tithíochta de.

Dúirt Rooke (PSB ) agus Ryan (Neamh ) gur chóir go mbeadh ról tánaisteach ag an Údarás agus dúirt Welby (Neamh ) nár chóir go mbeadh ról ar bith acub.

D’aontaigh gach duine acub seachas Welby freisin gur chóir maoiniú a chur ar fáil don Údarás le go mbeadh siad in ann Rannóg Thithíochta a bhunú.

D’aontaigh an t-ochtar ar fad gur chóir an deontas tithíochta Gaeltachta a thabhairt ar ais agus gur chóir don Aire Gaeltachta a chumhachtaí maidir le cúrsaí tithíochta a úsáid.

Bhí siad ar fad ar chomhintinn freisin gur chóir go gceadófaí don Údarás teacht faoin scéim ‘Réidh le Tógáil’, go mba cheart an Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht a eisiúint i mbliana agus gur chóir srianta a chur ar thithe a ligtear ar cíos gearrthéarmach, ar nós AirBnB.

Bhí an deis ag na hiarrthóirí chomh maith ráiteas a dhéanamh faoi pholasaithe eile a mhol siad i dtaobh tithíochta Gaeltachta.

Dúirt Mark Lohan gur chóir go mbeadh córas clárúcháin a bheith ann le níos mó tithe a chur ar fáil do dhaoine áitiúla sa nGaeltacht.

Dúirt Míde Nic Fhionnlaoich nach raibh rialacha pleanála á leanúint i gceart agus gur ghá níos mó rialacha a chur i bhfeidhm ar thithe a ligtí ar cíos gearrthéarmach.

Bhí Aontú agus Pobal Seachas Brabús ag iarraidh srianta níos láidre a chur ar chíosanna gearrthéarmacha mar gheall ar an ngéarchéim tithíochta.

 

Page generated in 0.3223 seconds.