An Chathair agus Coill Rua
le Michael Mac Niocaill
Tráth den saol bhíodh ceárta mhór díreach taobh thoir den teach ósta Tí Chualáin, agus tugtar Ardán na Ceárta ar an ard sin ó shin.
Nuair a bhí Séipéal Naomh Ainnín, an Cnoc á thógáil, úsáideadh go leor clocha a tháinig ó bhaile na Cathrach. Le linn Bord na gCeantar Cúng, bhíodh mná, chomh maith le fir, ag bailiú clocha le cliabh nó le ciseog.
Bhíodh mná a bhíodh ag iompar clainne fiú amháin ag iompar clocha le naprúin. Bhí na clocha dá gcur isteach sa mbóthar. 6 phingin sa lá an íocaíocht a bhí do bhean, 10 pingin an íocaíocht a bhí d’fhear agus 2 scilling, 24 phingin, do charraeir, fear le carr agus capall.
Théadh daoine as an mbaile go hUachtar Ard mar spailpíní blianta fada ó shin, suas go dtí 1935 nó mar sin. B’fhéidir gur oibrigh siad ar ráillí traenach idir Ghaillimh agus an Clochlán chomh maith.
Dhéanadh muintir an cheantair oilithreacht go Máiméan go bliantúil. D’fhágadh siad le linn an mheán oíche agus bhíodh Máiméan bainte amach acu faoi mhaidin. Amach ar bhóthar an chnocáin taobh thoir den Teach Dóite a thagadh siad.
Bhí scoil taobh thiar den teach ósta Tí Chualáin fadó. Bhí sclátaí agus cailc dá n-úsáid ag na daltaí i gcomhair scríbhneoireachta. Bhí Laidin ar cheann de na hábhair a múineadh sa scoil. Bhí scoil eile i lár an bhaile agus bhí ochtar scoláirí ag freastal uirthi.
Iontas agus Brón an Chladaigh
le Cormac Ó Braonáin
Tá Dumhach na Leanbh nó Reilig na Leanbh suite ar chladach bhaile an Tí Mhóir thart ar 500 méadar siar ón áit a bhfuil Leac na Mine.
Is naíonáin a rugadh agus a bhásaigh sular baisteadh iad is mó atá curtha i nDumhach na Leanbh, cé go bhfuil daoine bochta agus daoine a cailleadh ón bhfliú mór curtha ann freisin.
Is áit í seo nach bhfuil coiscrithe agus a bhí leagtha amach do na páistí mar gheall nach raibh cead de réir rialacha na hEaglaise, duine ar bith nach raibh baiste curtha aige a bheith beannaithe.
Tugadh Dumhach na Leanbh ar an reilig mar gheall gur dumhach gaineamh atá ann agus ba linbh den chuid is mó a cuireadh sa reilig seo.
Tá tobar beannaithe thart ar 20 slat síos ón reilig ar a dtugtar ‘Tobar Rí na hAoine’. Ní bhíonn an tobar seo ach le feiceáil nuair a bhíonn lag-trá ann. Bhí ardmheas ag muintir an bhaile ar an tobar seo. Deirtear go ndeachaigh bean amháin ann lena mac óg a raibh a shláinte go dona.
Nuair a bhí an turas déanta aici, choisric sí an buachaill le huisce an tobair agus ansin thosaigh an t-uisce sa tobar ag fiuchadh. Cheap an mháthair gur comhartha a bhí ann ó Dhia. D’fhág sí an tobar ina dhiaidh sin ag rá lena mac: “Tar uait abhaile a mhaicín agus toil Dé go ndéantar”.